Gaeilge
Béarla
Ag
duine féin is fearr a fhios cá luíonn an bhróg air.
Aithníonn
ciaróg ciaróg eile.
Aithnítear
cara i gcruatan.
An gad
is giorra don scornach is túisce is ceart a scaoileadh.
An lao
ite i mbolg na bó.
An luibh
ná faightear is í a fhóireann.
An rud
a chíonn an leanbh is é a níonn an leanbh.
An rud
a scríobhann an púca, léann sé féin é.
An rud
a théann i bhfad téann sé i bhfuaire.
An rud
is annamh is iontach.
An rud
is measa le duine ar domhan n'fheadair sé nach é lár a leasa é.
An rud
nach bhfuil leigheas air caithfear cur suas leis.
An rud
nach féidir ní féidir é.
An t-uan
ag múineadh méilí dá mháthair.
An tslat
nuair a chruann le haois is deacair í a shníomh ina gad.
An
té a bhfuil builín aige gheobhaidh sé scian lena ghearradh.
An
té a bhíonn amuigh fuarann a chuid.
An té
a bhíonn siúlach bíonn sé scéalach.
An té
a bhíonn thuas óltar deoch air.
An té
a bhíonn thíos buailtear cos air.
An té
a dtéann teist na mochóirí amach air ní cás dó codladh go headra.
An té
a mbíonn an rath ar maidin air bíonn sé air tráthnóna.
An té
nach bhfuil láidir ní foláir dó bheith glic.
An té
nach mbeireann ar an ngnó beireann an gnó air.
An té
nach nglacann comhairle glacfaidh sé comhrac.
An té
nach trua leis do chás, ná déan do ghearán leis.
Ar mhaithe
leis féin a níos an cat crónán.
Ar
scath a chéile a mhaireann na daoine.
Bailíonn
brobh beart.
Beart
gan leigheas, foighne is fearr dó.
Beatha
duine a thoil
Beatha
teanga í a labhairt.
Beidh
lá eile ag an bPaorach.
Bliain
le duine agus bliain ina choinne.
Breithnigh
an abhainn sara dtéir ina cuilithe.
Briseann
an dúchas trí shúile an chait.
Bíonn
adharca fada ar na buaibh thar lear.
Bíonn
an fhírinne searbh.
Bíonn
blas ar an mbeagán.
Bíonn
blas milis ar phraiseach na gcomharsan.
Bíonn
caora dhubh ar an tréad is gile
Bíonn
cead cainte ag fear caillte na himeartha.
Bíonn
dhá insint ar gach aon scéal.
Bíonn
gach tosú lag.
Bíonn
súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh.
Cad
a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú.
Cailín
ag Móir is Móir ag iarraidh déirce.
Caora
mhór an t-uan i bhfad.
Chonaic
mé cheana thú, arsa an cat leis an mbainne te.
Ciall
agus míchiall - dís ná gabhann le chéile.
Cuir
an breac san eangach sula gcuire tú sa phota é.
Cuir
síoda ar ghabhar - is gabhar fós é.
D'ordaigh
Dia cúnamh.
Doras
feasa fiafraí.
Dá dhonacht
é Séamas ba mheasa bheith ina éagmais.
Dá fhad
lá tagann oíche.
Dá mbeadh
soineann go Samhain bheadh breall ar dhuine éigin.
éire
i bpáirt, éire ar lár.
éist
le fuaim na habhann agus gheobhair breac.
Fear
na bó faoina heireaball.
Feileann
spallaí do bhallaí chomh maith le clocha móra.
Filleann
an feall ar an bhfeallaire.
Gach
dalta mar oiltear.
Galar
gan náire an tart.
Giorraíonn
beirt bóthar.
Glacann
fear críonna comhairle.
I dtosach
na haicíde is fusa í a leigheas.
Is i dtús
an mhála is ceart a bheith tíosach.
I ndiaidh
a chéile a thógtar na caisleáin.
Imíonn
an tuirse is fanann an tairbhe.
Iomad
den aithne a mhéadaíonn an tarcaisne.
Is ait
an mac an saol.
Is beo
duine tar éis a bhuailte ach ní beo é tar éis a cháinte.
Is binn
béal ina thost.
Is breá
an ní an óige ach ní thagann sí faoi dhó.
Is báidhiúil
iad lucht aoncheirde.
Is cuma
nó muc duine gan seift.
Is deacair
ceann críonna a chur ar cholainn óg.
Is deacair
rogha a bhaint as dhá dhíogha
Is
dána gach madra i ndoras a thí féin.
Is dóigh
le fear na buile gurb é féin fear na céille.
Is fada
an bóthar nach bhfuil casadh ann.
Is
fada siar a théann iarsma an drochbhirt.
Is fearr
a bheith díomhaoin ná droch-ghnóthach.
Is
fearr an t-imreas ná an t-uaigneas.
Is fearr
an tsláinte ná na táinte.
Is fearr
beagán den ghaol ná mórán den charthanas.
Is fearr
cara sa chúirt ná punt sa sparán.
Is fearr
go mall ná go brách.
Is fearr
leath ná meath .
Is fearr
lán doirn de cheird ná lán mála d'ór.
Is fearr
mac le himirt ná mac le hól.
Is fearr
marcaíocht ar ghabhar ná coisíocht dá fheabhas.
Is fearr
rith maith ná drochsheasamh.
Is fearr
súil le glas ná súil le huaigh.
Is fearr
súil romhat ná dhá shúil i do dhiaidh.
Is furasta
fuineadh in aice na mine.
Is
gaire cabhair Dé ná an doras.
Is geal
gach nua agus is searbh gach gnáth.
Is
geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
Is
geall le scíth malairt oibre.
Is
glas iad na cnoic i bhfad uainn.
Is
iad na muca ciúine a itheann an mhin.
Is
in ithe na putóige a bhíonn a tástáil.
Is
iomaí cor a chuireann an saol de.
Is
leor nod don eolach.
Is leor
ó Mhór a dícheall.
Is
lia gach othar i ndiaidh a leighis.
Is
lú ná fríd máthair an oilc.
Is
mairg a dheanann deimhin dá dhóchas.
Is
mairg a dhéanann an t-olc is a bhíonn bocht ina dhiaidh.
Is
maith an scáthán súil charad.
Is maith
an scéalaí an aimsir.
Is
maith an t-anlann an t-ocras.
Is
maith an t-iománaí an té a bhíonn ar an gclaí.
Is
maith le Dia féin cúnamh.
Is
maol gualainn gan bhráthair.
Is
minic a bhris béal duine a shrón.
Is
minic a bhí cú mhall sona.
Is minic
a gheall tailliúir is ná tiocfadh sé.
Is
minic ciúin ciontach.
Is
mór é luach na foighne.
Is olc
an chearc nach scríobann di féin.
Is olc
an ghaoth nach séideann do dhuine éigin.
Is sleamhain
an leac ag doras duine uasail.
Is treise
dúchas ná oiliúint.
Is trom
cearc i bhfad.
Is túisce
deoch ná scéal.
Is
í an chiall cheannaigh an chiall is fearr.
Is í
an dias is troime is ísle a chromann a ceann.
Mair
a chapaill is gheobhair féar.
Maireann
an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh a chuir.
Maireann
croí éadrom i bhfad.
Marbh
le tae agus marbh gan é.
Mian
mic a shúil.
Mol
an óige agus tiocfaidh sí.
Mol
gort is ná mol geamhar.
Mura
gcuirfidh tú san Earrach ní bhainfidh tú sa bhFómhar.
Mura
mbeadh agat ach pocán gabhair bí i lár an aonaigh leis.
Más
cam díreach an ród is é an bóthar mór an t-aicearra.
Más
maith leat do mholadh faigh bás; más maith leat do cháineadh pós.
Más
olc maol is measa mullach.
Múineann
gá seift.
Namhaid
an cheird gan í a fhoghlaim.
Nuair
a bheidh do lámh i mbéal na con tarraing go réidh í.
Nuair
a bhíonn an cat amuigh bíonn na lucha ag rince.
Nuair
is crua don chailleach caithfidh sí rith.
Nuair
is gann é an bia is fial é a roinnt.
Ná bac
le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat.
Ná cuir
do leas ar cairde.
Ná déan
nós is ná bris nós.
Ná tabhair
breith ar an gcéad scéal.
Ní bheathaíonn
na breithre na braithre.
Ní bhfuair
minic onóir.
Ní bhíonn
an rath ach mar a mbíonn an smacht.
Ní bhíonn
fear náireach éadálach.
Ní bhíonn
in aon rud ach seal.
Ní bhíonn
tréan buan.
Ní breac
é go raibh sé ar an bport.
Ní dhéanfadh
an saol capall ráis d'asal.
Ní dhéanfaidh
smaoineamh an treabhadh duit.
Ní fhaigheann
lámh iata ach dorn dúnta.
Ní fiú
bheith ag seanchas agus an anachain déanta.
Ní féasta
go rósta is ní céasta go pósta.
Ní féidir
bheith ag feadaíl is ag ithe mine.
Ní féidir
leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal.
Ní féidir
é a bheith ina ghruth is ina mheadhg agat.
Ní haithne
go haontíos.
Ní heaspa
go díth carad.
Ní hé
lá na gaoithe lá na scolb.
Ní ionann
dul go tigh an rí agus teacht as.
Ní lia
duine ná tuairim.
Ní lia
tír ná gnás.
Ní mar
a shíltear a bhítear.
Ní mhealltar
an sionnach faoi dhó.
Ní neart
go cur le chéile.
Ní sia
gob an ghé na gob an ghandail.
Ní thagann
ciall roimh aois.
Ní théann
dlí ar riachtanas.
Ní troimide
an loch an lacha.
Níl
aon tinteán mar do thinteán féin.
Níl
leigheas ar an gcathú ach é a mharú le foighne.
Níl
luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
Níl
saoi gan locht ná daoi gan tréith.
Níl
sprid ná puca nach bhfuil fios a chúise aige.
Níl
tuile dá mhéad nach dtránn.
Níl
íseal ná uasal ach thíos seal agus thuas seal.
Níor
bhris focal maith fiacail riamh.
Níor
chaill fear an mhisnigh riamh é.
Níor
líon beannacht bolg riamh.
Pós
bean ón sliabh agus pósfaidh tú an sliabh ar fad.
Ritheann
fear buile trí thuile go dána, ach is minic thug tuile fear buile le fána.
Sciúrdann
éan as gach ealta.
Seachnaíonn
súil an ní ná feiceann.
Síoda
ar Shiobhán is na preabáin ar a hathair.
Súil
le breis a chailleann an cearrbhach.
Tabhair
rogha don bhodach agus is é an díogha a thoghfaidh sé.
Tagann
gach maith le cairde.
Taithí
a dhéanann máistreacht.
Tar
éis a thuigtear gach beart.
Tarraingíonn
scéal scéal eile.
Tosach
sláinte codladh ; deireadh sláinte osna.
Tuigeann
Tadhg Taidhgín.
Tír
gan teanga tír gan anam.
Tús
maith leath na hoibre.