- Cloch os cionn uaighe a bhíonn i gcloch oghaim de ghnáth, agus ainm duine greanta uirthi.
- Scríobhadh an t-OGHAM in aibítir
ar leith. (Féach an íomhá)
- GutaĆ - Poncanna nó stríocanna díreach trasna ar chúinne na cloiche.
- Consain: Stríocanna - ar dheis, ar chlé, nó cliathánach.
- Ón talamh aníos a léitear an t-ogham.
- Baineann na clocha sin leis an tréimhse idir an ceathrú
agus an seachtú haois.
- Chuir teacht na Críostaíochta deireadh leis an Ogham mar
thosaigh na manaigh ag baint úsáide as Aibítir na
Laidine.
- Tá timpeall 300 cloch oghaim fágtha fós againn,
a bhformhór sa Mhumhain. Tá clocha Oghaim le fáil
sa Bhreatain Bheag freisin.
- Tá seodóirí an lae inniu ag cur fáinní
cluaise agus a leithéid ar fáil le hainm an duine scríofa
in ogham.
- "Ogham Craobh":
Ainmneacha crann atá
ar na litreacha - coll, dair, beith ...
- Mar seo a chríochnaíonn an scéal miotaseolaíochta Oidhe Chlainne Lir :
"Bhaistigh Mochaomhóg iad agus fuair
siad bás ar an toirt .... agus fearadh a gcluiche caointe, agus
scríobhadh a n-ainmneacha in ogham craobh agus chuaigh
a n-anam go Flaitheas Dé..."