Tá na páipéir dá saighneáil,
Is tá na saighdiúir ag goil anonn,
Tá an drumadóirín aoibhinn aerach,
Clanna Gael ag goil go tír na long,
Dá mbeadh agamsa is dhuit a bhéarfainn,
Céad is dhá mhíle bó,
Ar chuntar tú bheith i d'fhéirín liom,
Go Condae Mhaigh Eo.
Is ar m'éirí dhom ar maidin,
Is í m'osna a bhíonn mór,
I mo luí dhom ar mo leaba,
Is í mo phaidir mo dheoir,
Tá gruaig mo chinn ag titim,
'Gus ag imeacht mar an gceo,
'S le cumha i do dhiaidh, a stóirín,
Ní bheidh mé i bhfad beo.
Nuair a éirím amach go huaigneach
Nuair a bhreathnaím ar an gcnoc úd thall,
Bím ag smaoineamh ar do chúilín dualach
A d'fhág an chrua-arraing trí mo lár,
Tá mo chroí istigh ina leac dhe ghual dubh
Is fear mo thruaigh níl ach Rí na nGrást,
Is cibé cailín deas a bhéarfas uaim tú,
Go síntear suas í i gcónra chláir.
'S tá mo stocaí is mo bhróga
Óra - stróicthe liom síos
Tá mo nua-chulaith phósta,
mo bhrón mór, le sníomh
Tá giní i dteach an óil orm
is níor ól mé ariamh pingin
Ach mo léan, a mhíle stóirín,
gan mé is tú óg seal aríst
Nach aoibhinn do na héiníní
A éiríonns go hard,
Is a bhíonns ag ceiliúradh lena chéile
Ar aon chraoibhín amháin,
Ach ní mar sin dhom féin
'Gus mo chéad mhíle grá,
Fada fánach óna chéile
A bhíonns ár n-éirí gach lá.