Push for PORTER

R
izquierdaTá Mamaí Sa Chistinderecha

Tadhg Mac Dhonnagáin

YouTube

Tá Mamaí sa chistin, tá Mamaí sa chistin,
Tá Mamaí ag deanamh an dinnéir
Níl Daidí sa bhaile, níl Daidí sa bhaile,
Tá Mamaí sa chistin léi féin...

Tá Mamaí sa seomra suite, tá Mamaí sa seomra suite,
Tá Mamaí ag féachaint ar an teilifís,
Tá duine éigin ag an doras, duine éigin ag an doras,
Cnag, cnag, cnag - Aon Dó Trí!

Anois tá Mamaí sa halla, tá Mamaí sa halla,
Osclaíonn sí an doras go mall,
Tá Fear an Phoist ag an doras, Fear an Phoist ag an doras,
"Fáilte," arsa Mamaí, "tar isteach..."

Tá Mamaí sa seomra leapan, tá Mamaí sa seomra leapan,
Tá Fear an Phoist ann chomh maith,
Bróg, bróg eile - a hAon, a Dó, Bróg, bróg eile - a hAon, a Dó
Ag titim, ag titim ar an urlár....

Tá Daidí ar an staighre, tá Fear an Phoist sa chófra,
Tá Mamaí istigh faoin leaba ag éisteacht -
"Beidh báisteach ann amárach, beidh báisteach ann amárach,"
Arsa an fear ar an teilifís sa seomra suite....



Song