Push for PORTER

R
izquierdaSadhbh Ní Bhruinneallaighderecha
YouTube

Ní iarrfainn bó spré le Sadhbh Ní Bhruinneallaigh,
Ach Baile Inis Gé is cead éalú ar choiníní.
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh,
A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.

Máistir báid mhóir mé
a' gabháil ród na Gaillimhe,
D'fhliuchfainn naoi bhfód
is ní thógfainn aon fharraige.
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh,
Tabhair dom do lámhín, éalaigh is imigh liom.

Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfad,
Nuair a fhaigheann siad an chóir 'sé
is dóichí nach bhfanann siad.
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh,
Tabhair dom do lámhín, éalaigh is imigh liom.

Níl falach i gcabhail ar Shadhbh Ní Bhruinneallaigh,
Ach seanchóitín donn
gan cabhail gan muinchille.
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh,
Tabhair dom do lámhín, éalaigh is imigh liom.

Fear maith i mbád mé togha fear iomraimh,
Fear sluaisid' is láí ar dhá cheann an iomaire.
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh,
A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom



Song