Ní fios cé a chum
You TubeÓ, bliain is an lá amárach, sea d'fhágas an baile,
Ag dul go hArd Pádraig, ag cur lasaí lem hata,
Bhí Buachaillí Bána ann is rás acu ar eallaigh,
Is mé go dubhach uaigneach i bPríosún Chluain Meala.
Tá mo shrian agus mo dhiallait ar iasacht le fada,
Mo chamán ar fiaradh fé iarthar mo leapa,
Mo liathróid dá bualadh ag buachaillí an ghleanna,
Is go mbuailfinn poc báire chomh hard leis na fearaibh.
A Chiarraígh, bígí ag guí liom, is bog binn liom bhur nglórtha,
Is beag a shíleas-sa choíche ná fillfinnse beo oraibh,
Go mbeidh ár dtrí gcinn-ne ar spící mar sheó acu,
Fé shneachta na hoíche is gach síon eile dá ngeobhaidh chugainn.
Go hUíbh Ráthach má théann tú, beir scéala go dtí mo mhuintir,
Go bhfuilim daortha ar an bhfód so is ná fuil beo agam ach go hAoine;
Bailígí gléas tórraimh agus comhra breá im thimpeall,
Sin críoch ar Ó Dónaill, is go deo deo bíg' ag guí leis.