Bríste gan básta 'bhí ar
Pháidín Ó Raifeartaigh
Hata buí ard
'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Cosa
caola arda 'bhí ar Pháidín Ó
Raifeartaigh
Is d'éalaigh mo ghrása le
Páidín Ó Raifeartaigh.
Curfá:
Faidhfilileá, faidhfilil adió
Faidhfilileá
is faidhfilil adió
Bríste go glúine 'bhí ar
Pháidín Ó Raifeartaigh
Hata gan bonn
'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Cosa
buí arda 'bhí ar Pháidín Ó
Raifeartaigh
Ach d'éalaigh mo ghrása le
Páidín Ó Raifeartaigh.
Curfá:
Éirigh i do shuí a Pháidín
Uí Raifeartaigh
Faraor ní fhéadaim tá
ioscadaí lag ionam
Tá mé san aois ach
níl trí troithe ar fad ionam
Féach mar sin
fhéin go raibh mealladh na mban ionam!
Curfá:
Cailín 'tigh mhóir go deo ní ghlacfaidh
mé
Bíonn sí nuall-ghuthach stuacach feargach
Bíonn buille ar gach ní ar chat is ar mhada aici
Amach sa meán-oíche bíonn focal na faire
aici.
Curfá:
Cailín ón sliabh go fóill a bheas agamsa
Blífidh sí an bhó agus ceanglóidh
sí an capall dhom
Déanfaidh sí an
císte, mo chuid ime 'gus bainne dhom
Is go deo deo
ní éalóidh le Páidín Ó
Raifeartaigh.
Curfá: