Ag gabháil dom sior chun Droichead Uí Mhórdha,
Píce im dhóid 's mé ag dul i meitheal,
Cé chasfaí orm i gcumar ceoidh,
Ach pocán crón is é ar buile.
Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an poc ar buile!
Ailliliú, puilliliú,
Ailliliú
tá an poc ar buile!
Do ritheamar trasna trí ruilleogach,
Is do ghluais an comhrac ar fud na moinge,
Is treascairt dá bhfuair sé sna turtóga,
Chuas ina ainneoin ina dhrom le fuinneamh.
Níor fhág sé carraig go raibh scót ann,
Ná gur rith le fórsa chun mé a mhilleadh,
S'Ansan sea do cháith sé an léim ba mhó,
Le fána mhór na Faille Bríce.
Bhí garda mór i mBaile an Róistigh,
Is bhailigh fórsa chun sinn a chlipeadh,
Do bhuail sé rop dá adhairc sa tóin air,
S'dá bhríste nua do dhein sé giobail.
I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna,
Bhí an sagart paróiste amach 'nár gcoinnibh,
Is é dúirt gurbh é an diabhal ba dhóigh leis,
A ghaibh an treo ar phocán buile.

