Push for PORTER

R
izquierdaOíche Nollagderecha

Máire Mhac an tSaoi

YouTube

Le coinnle na nAingeal tá an spéir amuigh breactha
Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc.
Adaigh an tine 'gus téir chun na leapan.
Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Fágaig' an doras ar leathadh ina coinne,
An Mhaighdean a thiocfaidh is a Naí ar a hucht
Deonaigh scíth an bhóthair a ligint a Mhuire,
Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta
Cóiriu gan caoile, bia agus deoch,
Do cheannaithe olla, do cheannnaithe síoda
Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.



Song