O Neilí, Neilí, Neilí,
O Neilí, Neilí, an fuacht.
O Neilí, Neilí, Neilí,
An ghaoth aniar aneas, aduaidh.
Tí sí ag séideadh ins na sléibhte,
Tá sí ag séideadh ins an ngleann.
Tá sí ag baint díom mo chuid éadaigh,
Tí sí ag baint an ghruaig dem cheann
Lig isteach mé, scaoil amach mé,
Lig dom suí cois tine seal,
Tabhair dom práta ar mo phláta,
'S beadsa grámhar, maoineach leat.
Táim chomh cráite ag an ngála
Táimse tnáite reoite lag,
Táim fliuch báite ag an sáile
Neilí a stóirín scaoil mé isteach
Lig isteach mé, scaoil isteach mé,
Lig dom suí cois tine seal,
Cúpla póigín tabhair dom, a stóirín,
Beimid tamall páirteach deas.