Push for PORTER

R
izquierdaAn Mhaighdean Mharaderecha
You Tube

Is cosúil gur mheath tú
Nó gur thréig tú an greann
Tá an sneachta go freasach
Fá bhéal na mbeann'
Do chúl buí daite
Is do bhéilín sámh
Siúd chugaibh Mary Chinidh
'S í 'ndiaidh an Éirne 'shnámh

A mháithrín mhilis
Dúirt Máire Bhán
Fá bhruach an chladaigh
'S fá bhéal na trá
Maighdean mhara, mo mháithrín ard
Siúd chugaibh Mary Chinidh
'S í 'ndiaidh an Éirne 'shnámh

Tá mise tuirseach
Agus beidh go lá
Mo Mháire bhroinngheal
'S mo Phádraig bán
Ar bharr na dtonna
'S fá bhéal na trá
Siúd chugaibh Mary Chinidh
'S í 'ndiaidh an Éirne 'shnámh



Song