Micheál Óg Ó Longáin
YouTubeMaidin Luan Cincíse labhair an síofra sa ngleann,
Do bhailíodar na cága chun ábhacht a dhéanamh ann,
Do chruinníomar ina dtimpeall is do lasamar ár dtinte,
Is do thógamar ceo draíochta go haoibhinn os a gcionn.
Do tháinig ó Chúige Uladh chughainn tuilleadh is míle laoch,
Do tháinig ó Chúige Chonnacht i bhfoirm cheart is i bhfaobhar,
Suaimhneas lae níor tugadh dóibh gur bhuaileamar bualadh 'is fiche orthu
Mo lean mar sileadh fuil 'is coirp ár bhfear i ndeireadh lae
Is cá bhfuil cúnamh Muimhneach nó an fíor go mairid beo,
Ná tagann siad 'nár dtimpeall agus cabhrú linn sa ngleo?
Mar is deacair port a stríocadh agus Clanna Gael á ndíbirt
Ón ár mbailte dúchais dílis 'bhí ag ár sinsir riamh fadó.