Push for PORTER

R
izquierdaÍochtar an Domhainderecha

Joe Steve Ó Neachtain

YouTube

I reilig cois chladaigh, tá mise i mo sheasamh ag cur slán leis na mairbh atá sínte sa gcré.
A gcuid ainmneachaí greanta ar leacrachaí glasa. Teacht na deora 'mo dhalladh 'is iad deacair le léamh.

Tá trí oileán Árann mar féilí sa taoille is driogannaí aoibhnis ag ardú mo chroí.
Dá mbeadh breith agam ar m'aiféala, ó ní fhágfainnse choíche é ach ní tig leis an áilleacht an morgáiste a íoc.

'Shíl mé go brách brách nach bhfilleadh an lá seo nuair a ruaigfeadh an ganntan mé amach as an tír.
Níor tharla sé cheana ó bhí mise i mo pháiste nuair a d'imíodh mo dheaide anonn ar an mbeat.

Bíonn an bhean is na gasúir ag téana liom seasta. Níl fanta san áit seo ach an crá go deo deo.
Cuirfear glas ar mo dhoras ar maidin amárach is ní fheicfidh mé ERIN arís le mo ló.

Mo sheacht míle mallacht a fhágaim mar bheannacht ag an dream a bhí i gceannas mar rinne siad feall.
Buachaillí báire gan scrúpail gan náire ach ag ruaigeann na mílte go dtí íochtar an domhain.

Ó cloisim na mairbh ag iarraidh orm fanacht. Sheas siadsan an talamh le os cionn míle bliain.
Ach is gearr go mbeidh preacháin san áit 'a mbíodh deatach. Ní bheidh fios ag lucht ceannais gur mhair siad ariamh.

Osna gach maidin a osclós mo shúile. Gabhfaidh mé síos ar mo ghlúine ag súil le mac Dé.
Go mbeinn ar nós fáinleog ag triáil ar mo dhúchas is gur anseo cois na mara a bheadh mo chnámha sa gcré.

Feicim trí oileán Árann mar féilí sa taoille is driogannaí aoibhnis ag ardú mo chroí.
Dá mbeadh breith agam ar m'aiféala, ó ní fhágfainnse choíche é ach ní tig leis an áilleacht an morgáiste a íoc.



Song