Proinsias Ó Maonaigh
YouTubeCéad slán ag sléibhte maorga chontae Dhún na nGall
Agus dhá chéad slán ag an Earagail ard, ina stua os cionn caor `s coll
Nuair a ghluais mise thart le Loch Dhún Lúich' go ciúin sa ghleann ina luí
I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair, is beag nár bhris mo chroí
Ag taisteal domh amach trí chnoic Ghleann Domhain, `s an Mhucais ar mo chúl
Ní miste domh `rá, le brón `s le crá, gur frasach a shil mise súil
Go Meiriceá siar a bhí mo thriall, i bhfad thar an fharraige mhór
D'fhag mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall, `s ag Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair
Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh ó mo thír bheag dhílis féin
Ach tromlámh Ghall, le cluain is le feall, a thiomáin mé i gcéin
B'é rún mo chroí-se pilleadh arís, nuair a dhéanfainn beagán stóir
`S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil, fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair
Slán, slán go fóill a Dhún na nGall, a chondae shéimh gan smál
`S do d'fheara bréa in am an ghá, nár umhlaigh riamh roimh Ghall
Tá áit i mo chroí do gach fear is gach mnaoi, `s gach páiste beag agus mór
Atá beo go buan, gan bhuairt gan ghruaim, fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair
