Tomás Rua Ó Súilleabháin
You Tube'Sé Dónall binn Ó Conaill caoin
An planda fíor den Ghael-fhuil
Gur le feabhas a phinn is meabhair a chinn
Do scól sé síos an chraos-shliocht;
Go bhfuil se scríte i bPastorína
Go maithfear cíos do Ghaelaibh
'S go mbeidh farraigí breac le flít ag teacht
Isteach thar pointe Chléire.
Agus raight fol do dol dol
Raight fal do dol
Raight fal ol dol déirí.
In Uíbh Ráthach thiar tá an dragún dian,
Ár sciath ar iarthar Éireann,
Go bhfágfaidh iad go bráth fó chiach -
An t-ál so shéan an éide.
Fán is fiach dhá gcrá go dian,
Gan fáil ar iasacht scléipe,
Fé sháil an diabhail a ngrád go léir
Ach plá is pian dá réabadh.
'San bhFómhar so chugainn 'sea dhóifeam púirt
Le glór an Údair Naofa
Beidh Seoirse dubhach gan choróin, gan clú,
Gan sólás boird, gan féasta
Ólfam lionn is beoir le fonn
Is co-sheinnfeam tiúin den nGaeilge
Beidh bróga dubha ar gach óig-fhear clúmhail
Cé gur ró-fhada dhúinn dá n-éagmais.
Beidh ministrí gan strus gan phuimp,
Is ní rithfid chun cinn mar théidís,
Ní bhainfid cíos de Chaitlicibh,
Mar cuirfear síos na méirligh;
Beidh Dónall choíche ar a dtí
Go nglanfar cruinn as Éilge iad
Nuair a bheidh an dlí fúinn féin arís
Ar theacht Emancipation.
