Push for PORTER

R
izquierdaDeoirín Beag Bídeachderecha

Amárach atá tú ag imeacht,
Amárach ag deireadh an lae
Arsa mise "Is ró-chuma liomsa"
Ach níl neart ar bith 'gam orm féin.

Deoirín beag bídeach a thit liom,
Is mé ag iarraidh bheith láidir is crua,
Ainneoin mo dhíchill a dhéanamh,
An deoirín beag bídeach is lú.

Bhí plean agam fanacht ar leataobh
Ar deireadh nár liomsa an teach!
Ba chuma liom tada, a shíl mé
Nó gur shiúil tú an doras amach.

Sé mo thrua ghéar chráite amárach
Gan mise liom féin ar an sliabh
Mo chloigeann istigh i bpoll móna
Gan aon chuimhne ort choíche ná riamh.



Song