Push for PORTER

R
izquierdaNa Connerysderecha
YouTube

A Choimín mhallaithe, guímse deacair ort agus gráin Mhic Dé
Agus ar an ngasra atá ceangailte go dlúth led' thaobh
'S iad a dhearbhaigh i láthair Choisdealbha ar an dtriúr fear séimh
Is a chuir na Connerys thar na farraigí go dtí 'sna New South Wales

An té bheadh 'na sheasamh ann is a dhéanfadh machnamh air - ár gcúis á plé
Mar do sheasamh sí óna seacht ar maidin ann go dtí tar éis a naoi
Do chrith an talamh fúinn le linn an leabhartha do bheith á dtabhairt sa mbréig
Mo ghraidhnse an t-anam bocht mar tá sé damanta mas fíor don chléir.

Tá jacket gairid beag á dhéanamh ó mhaidin dúinn agus triús dá réir
Sin culaith farraige - Ó! ní nár chleachtamair ó dtús ár
Murach feabhas ar gcarad ó! do bhí ár muiníl cnagaithe agus sinn go doimhin san aol
Ón uair gur casadh sinn chun téarma a chaitheamh ins na New South Wales

A Bhanríon bheannaithe is a Rí na bhFlaitheas geal tabhair fuascailt orainn araon
Agus ar an mbanaltra a thál a bainne orainn agus í go dubhach 'nar ndéidh
Le linn an Aifrinn Ó! bígí ag agallamh agus ag guí chun Dé
Ar na Connerys a thabhairt abhaile chugainn ós na New South Wales.



Song