Ar choinleach ghlas an Fhómhair
A stóirín gur dhearc mé uaim
Ba deas do chos i mbróig
'sba ró-dheas do leagan siúil.
Do ghrua ar dhath na rósaí
's do chúirníní bhí fite dlúth
Monuar gan sinn 'ár bpósadh
Nó ar bord loinge 'triall 'un siúil
Tá buachaillí na háite seo
ag athrú 'gus ag éirí teann
Is lucht na gcocán ard
A' deánamh fáruis do mo chailín donn
Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne
Thar sáile 's a shlóite cruinn
Bhrúfainn féar is fásach
's bhéinn ar láimh le mo chailín donn.
Ceannacht buaibh are aontaí
Dá mbínn agus mo chailín donn
Gluais is tar a chéadsearc
Nó go dté muid thar Ghaoth Bearra 'nonn
Go scartar óna chéile
Bárr na gcraobh 's an eala ón toinn
Ní scarfar sinn ó chéile
's níl ach baois daoibh a chur 'n bhur gcionn.
Chuir mé litir scríofa
Annsoir mo sweetheart agus casaoid ghéar
Chuir sí chugam arís í
Go rabh a croí istigh I lár mo chléibh.
Cum na heala is míne
Ná'n síoda 's ná cluimh na n-éan
Nach trom an osna nímse
Nuair a smaointím are a bheith 'scaradh léi.
'Sé chuala mé Dé Domhnaigh
Mar chómhrá 'gabháil idir mhnáibh
Go rabh sí 'gabháil 'a phósadh
Ar ógfhear dá bhfuil san áit.
A stóirín, glac mo chomhairle
's a' fómhar seo fan mar tá
's cha ligim le 'bhfuil beo thú
A stór nó 's tú mo ghrá.