'S a Pheadair, a aspail, an bhfaca tú mo ghrá bán?
Ochón, is ochón ó!
Chonaic mé ar ball é dhá chéasadh ag an ngarda.
Ochón, is ochón ó!
Muise, cé hé an fear breá atá ar chrann na páise?
Ochón, is ochón ó!
An é nach n-aithníonn tú do mhac, a mháithrín?
Ochón, is ochón ó!
An é sin an maicín a d'iompair mé trí rátha?
Ochón, is ochón ó!
Nó an é sin an maicín a rugadh ins an stábla?
Ochón, is ochón ó!
Nó an é sin an maicín a hoileadh in ucht Mháire?
Ochón, is ochón ó!
A mhicín mhúirneach tá do bhéal is do shróinín gearrtha.
Ochón, is ochón ó!
Is cuireadh culaith róin air le spídiúlacht óna namhaid
Ochón, is ochón ó!
Is cuireadh coróin spíonta ar a mhullach álainn
Ochón, is ochón ó!
Is crochadh suas í ar ghuaillí árda
Ochón, is ochón ó!
Is buaileadh anuas í faoi leacrachaí na sráide.
Ochón, is ochón ó!
Muise, buailigí mé féin, ach ná bainidh le mo mháithrín!
Ochón, is ochón ó!
Maróidh muid thú féin, agus buailfidh muid do mháithrín.
Ochón, is ochón ó!
Is cuireadh táirní maola thrína chosa 'gus a lámha
Ochón, is ochón ó!
Is cuireadh sleá thrína bhrollach alainn.
Ochón, is ochón ó!
Muise éist, a Mháthair, is ná bí cráite
Ochón, is ochón ó!
Tá mná mo chaointe le breith fós, a Mháithrín.
Ochón, is ochón ó!