Push for PORTER

R
izquierdaCailín Deas Crúite na mBóderecha
YouTube

Tá bliain is níos mó agam ag éisteacht
Le cogar doilíosach mo mheoin
Ó casadh liom gra gheal mo chléibhe
Tráthnóna beag déanach sa bhFómhar
Bhí an bhó bhainne cumhra ag géimneach
Is na héanlaith go meidhreach le cheol
Is ar bhruach an t-srutháin ar leath-thaobh díom
Bhí an cailín deas crúite na mbó

Tá a súile mar lonradh na gréine
Ag scaipeadh tré spéarthaibh an cheoidh
Is is deirge a grua ná na caortha
Ar lasadh i measc craobha na gcnó
Tá a béilín níos milse ná sméartha
Is is gile ná leamhnacht a snó
Níl óigbhean níos deise sa tsaol so
Ná an cailín deas crúite na mbó

Dá bhfaighinnse ard Tiarnas na hÉireann
Éadacha, síoda is sróil
Dá bhfaighinnse an bhanríon is airde
Dá bhfuil ar an dtalamh so beo
Dá bhfaighinnse céad loingis mar spré dhom
Píoláidi, caisleáin is ór
B'fhearr liom bheith fán ar na sléibhte
Lem chailín deas crúite na mbó

Muna bhfuil sé i ndán dom bheith in éineacht
Leis an spéirbhean ró-dhílis úd fós
Is daoirseach, dubhrónach mo shaolsa
Gan suaimhneas, gan éifeacht, gan treo
Ní bheidh sólás im chroí ná im intinn
Ná suaimhneas orm oíche ná ló
Nó go bhfeice mé taobh liom óna muintir
Mo chailín deas crúite na mbó



Song