Push for PORTER

R
izquierdaBóthar Raglanderecha
(Aistrithe ag Des Geraghty)

Ar Bhóthar Raglan, lá sa bhFómhar, don chéad lá a dhearc mé í
Agus thig go luath, ón ngruaig dhubh, go raibh contúirt romham sa tslí
Ach lean mé leí, gan cúram faoi, ar chonair aoibhinn shí
Agus dúirt faoin mbrón, go bé duilleóg feoin, ag fáinne geal an lae

Ar Shráid Ghrafton, mí na Samhn', s’muid go haerach ciúin
Geallúint na Páise, á nochtadh dúinn, ó bhruach na haltán domhain
Banríon na gcroí, ag déanamh spraoi, s’gan mise ag baint an fhéir
Ba ró-mhór an dúil, a chur mé in iúl, agus cháill mé mo ghrá dá réir

Ó thug mé achmuinn, méith an mheóin, agus comhrá atá faoi rún
Ag Dia ‘gus saoith, ag plé na brí, na n-ealaoin cloch is fuaim
O’m dánta féin, na focla léinn, thug mé véarsaí dí le rá
A hainm á lua, ‘s a gruaig dhubh, mar scáth Mí Bhealtaine

Ar shráid chiúin, a gcasann taibhsí ann, nach bfeicim í ag siúl
Ag ealó uaim, gan áird an domhain, ní mar a bhéinn ag súil
Mar thug mé grá, go hiomhá mná, creatúr bocht den chré
Mar aingeal ar lár, cháill mo scíth san áir, ag fáinne geal an lae



Song