'S é'n trua ghéar nach mise, nach mise
'S é'n trua ghéar nach mise bean Pháidín
'S é'n trua ghéar nach mise, nach mise
'S an bhean atá aige bheith caillte
Rachainn go Gaillimh, go Gaillimh
Is rachainn go Gaillimh le Pháidín
Rachainn go Gaillimh, go Gaillimh
Is thiocfainn abhaile sa mbád leis
Rachainn go haonach an Chlocháin
Is siar go Béal Á' na Báighe
Bhreathnóinn isteach tríd an bhfuinneog
A' súil is go bhfeicfinn bean Pháidín
Go mbristear do chosa, do chosa
Go mbristear do chosa 'bean Pháidín
Go mbristear do chosa, do chosa
Go mbristear do chosa 's do chnámha
