Is éirigh in do shuí, a bhean an leanna, ná fan le do chaipín a ghléas,
Ná go bhfaighe tú dhom braon uisce beatha nó cárt de do chuid leanna féin
Ó beidh muid ag ól go dtí maidin, seo sláinte na bhfear uilig go léir,
Ach nuair a fhágfas an mháistreas an baile, beidh an cailín is deise agam féin
Is A Dhia, céard a dhéanfas mé amáireach, nuair a fheicfeas mé mo ghrá ag teacht aniar,
Is nuair nach bhféadfadh mé a theacht ina láthair leis an méid a bhí eadrainn ariamh,
Nuair a smaoiním ar a súgradh is ar a gáire, ar inneach a láimhíní bhí fial,
Ó, titim i linn dubh an dóláis agus goilfidh mé go mór ina diaidh.
Shiúil mise bograigh agus sléibhte, Agus cnoic a bhí géar as a mbarr
Is a lán bealaí eile nach ndéarfad, ní raibh únsa ar bith céille i mo cheann
Ag cuartú mo chailín deas aerach nach sínfead mo thaobh léi go brách.
Gura chóir dhi codladh taobh thuas díom ná a bheith i gConga dhá uairín roimh a' lá
Is fada mo chosa gan bróga, ach is faide mo phócaí gan pingin,
Is fada mé ag ól le mná óga ach níor shiúil mise riamh le mo mhian,
Is fada mo chónra dá déanamh, mo thumba á bhreacadh ag saoir,
Mo chróchair dá tógáil lá earraigh, is na buachaillí óga ag dul faoi
Bhí mise oíche is mé súgach, is mé ag triall ar tigh Mhicil sa ngleann,
Bhí an stioncán de phíobaire sínte ann agus jug fuisce líonta aige ar chlár,
Ó thit muid lag marbh síos ann, ní raibh preab inár gcos ná inár láimh,
Ach seo beannachtaí shíol Éabha is Ádhaimh daoibh agus íocfaidh mé féin an reicneáil