Aréir is mé ag téarnamh ar neoin
Ar an dtaobh eile den teora dá mbím,
Sea do thaobhnaigh an spéirbhean im chomhair
D'fhág taomanach breoite lag tinn,
Le haonghean dá méin is dá cló,
Dá briathra is dá beol tanaí binn,
Do léimeas faoi dhéin dul 'na comhair
'S ar Éirinn ní neosfainn cé hí.
Dá ngéillfeadh an spéirbhean dom ghlór
Is iad ráite mo bheoil a bheadh fíor,
Go deimhin duit, ná déanfainn do ghnó,
Do léirchur i gcóir 's i gcrích,
Do léifinn léirstair dom stór,
Is ba mhéin liom í a phógadh ó mo chroí,
Do bhéarfainn an chraobh di ina dóid,
'S ar Éirinn ní neosfainn cé hí.
Tá spéir-bhruinneal mhaordha dheas óg
Ar an taobh thall de'n teóra 'na mbím.
Tá féile 'gus daonnacht is meóin
Is deise ró-mhór ins an mnaoi,
Tá folt léi ar lasadh mar ór,
Go cócánach ómarach buí.
Tá lasadh 'na leacain mar rós,
Is ar Éirinn ní neósfainn cé hí.
'S go háirithe, dá mb'fhéidir liom scríobh,
Bheinn ag gáire le bánchnis na gcraobh
Dá bhfaighinn áirithe ó aoinne cé hí,
Níl a cairde róshásta liom féin
Chun áras a dhéanamh ná tíos,
Ach ó tá sí, de réir ráite do bhéil,
Ní náir duit a léamh dúinn cé hí.