Push for PORTER

R
izquierdaAn Spéirbhean Uaigneachderecha

Peter McCluskey

Is mé féin is mo mhadra...ag dul siar go baile.
Is chualamar spéirbhean ag caoineadh san aer.
Oíche bhreá chiúin, gan duine, gan gaotha.
D'éist muid an t-amhrán le chéile go géar.

Bhí brón ina hamhrán is uaigneas freisin.
Shíl mé faoi imeacht is gan labhairt léi.
Ach sheas mé faoi chrann agus d'fhan mé ann tamall.
Níorbh fhada, a Dhia, go bhfaca sí mé.

Nuair a d'fhiafraigh sí díom go díreach faoina máthair.
Ní raibh aon smaoineamh agam i mo cheann.
Chas mé is rith mé, abhaile go díreach.
D'fhéach mé arís, ní raibh aon duine ann.

An raibh sí ina spéirbhean? Nó b'fhéidir mo bhotún.
An aisling a bhí inti - an t-am ar fad
Níl a fhios ag aon duine, níl a fhios ag mo mhadra
Ach fanann sé liom i gcónaí gan stad



Song