Nuair a théim ar aonach a' ceannach éadaigh
'S bíonn an éirnis agam im láimh,
Síneann taobh liom an buachaill caol dubh,
'S cuireann caol-chrobh isteach im láimh.
Is gearr'n-a dhéidh sin go mbím go h-aerach,
Gan puinn dem chéill 's mé os cionn an chláir,
A' díol na n-éileamh do bhíonn am chéasa,
Seacht mí gan léine's an fuacht am chrá.
'Sé an buachaill caol dubh fada, féileach,
Cliste, léigheanta, 's gur mhaith é a shnó,
Do chlaoidh i bpéin mé 's do mhill i n-éag mé,
Is d'fhág mé féinig ar beagán stóir.
Dhon Fhrainnc dá dtéinn, nó go cuan Binn Éadair,
No a' dul don léim sin go hlnis Mhór,
Bionn an séithleach im dhiaidh ar saothar,
Mara mbeinn féin uaidh ach uair de ló.
Do casadh Aoibhill na Craige Léith' orrainn,
A'gabháil na sli is do ghaibh liom baidh;
Is dúirt dá ngéillfeadh an buachaill caol dubh
Go dtúrfadh céad fear dó suas im áit.
Do labhair an caol-fhear go gonta géar lé,
Is dúirt ná tréigfeadh a charaid ghnáth,
Gur shiúil sé Éire tré choillte 's réitigh
Le cumann cléibh is le searc im dheuidh