Do thugas céad searc don bhuachaill caol dubh
Ar fheabhas a mhéine 's ar mhais' a shnó,
Dá dhá shúil ghléineach' mar dhrúcht an fhéir ghlais,
Dá dhá ghrua néamrach' ar dhath an róis;
Dá chuachaibh néata mar chnuasach sméar dubh
Is gluair' ón ngréin orthu maidin fhómhair,
Ach b'é a chomhrá béil sin sa teangain Ghaeilge,
Do mheall thar aon rud mo ghean dá chló.
Ar fheis nó ar aonach ní fheicim aon neach
Do 'neosadh scéal leis sa tseana-nós,
Do rincfeadh tréanphort ar bhinse taobh leis
Nó a chasfadh dréacht leis i gceart an cheoil;
Agus deir gach aon fhear "Seo chugainn a' réice,
Beidh báire laochais anseo go fóill,"
Nuair is chucu léimeann an Buachaill Caol Dubh,
'S a chamán gléasta 'na ghlaic chun spóirt.
Agus dúirt sé féin liom de mhóid a bhéil ghil -
Gur mise 'n t-aon bhean 'na thigh a gheobhadh,
'S go mb'fhearr leis féin mé gan feoirling spré liom
Ná toice 'n Bhéarla 's a carnadh 'en ór;
'S a shiúr na n-ae 'nam, ná creidse ó aon neach
Nach é an faisean Gaelach is fearr mar nós,
Mar is é do bhréagfadh an Buachaill Caol Dubh
Is uaisle tréithe is gile meon.