Push for PORTER

R
izquierdaAird Tí Chuainderecha
YouTube

Dá mbeinn fhéin in Aird Tí Chuain
In aice an tsléibhe úd atá i bhfad uaim,
B'annamh liom gan dul ar cuaird
Go gleann na gcuach Dé Domhnaigh.

Agus och och Éire uilig is ó,
Éire lionn dubh is ó,
Sé mo chroí atá trom agus brónach.

Is mó Nollaig a thána féin
Go bun Abhainn Doinne is mé gan chéill,
Ag iomáin ar an dtráigh bhán
'S mo chamán fhoinse im láimh agam.

Nach tuirseach mise anso liom fhéin,
Ná hairím guth coiligh, lon dubh ná traon',
Gealbhan, smólach, an naosach fhéin
'S ná hairím fhéin an Domhnach.



Song