“A mhic mo chroí” arsa an sáirsint groí,
“Ar mhaith leat bheith in arm is in éide an Rí?
Id’ Royal Dragoon thar farraige anonn
Is gan aon ró-mhoill bheith id’ oifigeach mór”
agus tu rai a fol de dídil a
tu rai o rai o rai a
agus tu rai a fol de dídil a
tu rai o rai o rai a
Dhein Tadhg liostáil is do chuaigh thar sáil’
Bhí a mháthair tamall fada gan a thuairisc d’fháil,
Ach i mí Meán Fhómhar tháinig long fé sheol
Go cuan Chorcaí agus Tadhg ar bord
Do lig sí béic nuair a chonaic sí é
Mar bhí Tadhg ina bhacach agus crann-chos fé,
Mhuise a Thaidhgín, a rúin, gan ach adhmad fút,
Th’anam ón diabhal, nó an é tú atá chugam?
An raibh tú caoch nó an raibh tú dall,
Nó ar dhearmadais do chosa is iad a fhágaint thall?
Nó a’ raibh tú ag siúl ar an bhfarraige mhór
Go rabhadar caite agat ó shál go glúin.
Ní raibh mé caoch ná ní raibh mé dall,
‘s níor dhearmadas mo chosa ná iad d’fhágaint thall
Ach ag lámhach na ngunnaí i Sevastapool
Sciob an chaor mo chosa ó mo chorp ar siúl
"Ó a Thaidhg, a mhicín mhánla, arsa an bhaintreach,
Nach agatsa bhí na cosa ab áille sa teach
Níl deil ná dealramh leis na stumpaí crann
Muise tuige nár rith tú ón gcaor mhór thall?
Fógraím feasta gach ruaille gall
idir ardRí na Spáinne is an creabhd úd thall
Mo mhallacht ar an lot acu i ngearr is i gcéin
Ón uair a bhain siad na cosa de mo mhaicín féin
