- A bheag nó a mhór
(more or less)
Bhuel, sin é anois agat é, an scéal ar fad ó thús deireadh, a bheag nó
a mhór.
- An buille scoir.
(the last straw)
An mí-ádh is measa. An chreach dheireanach. Barr gach donais.
- An iomarca
(too much, too many)
An féidir le duine riamh an iomarca airgid a bheith aige?
Chuamar go dtí an cheolchoirm ach níor bhaineamar mórán taitnimh as -
bhí brú uafásach ann - ligeadh an iomarca daoine isteach.
Bíonn an iomad le rá ag an bhfear sin i gcónaí - scaothaire críochnaithe
is ea é.
An iomad den aithne a tharraingíonn an tarcaisne.
Fear ab ea é nár bronnadh barraíocht chéille air.
- Ar tí
(About to)
Bhí mé díreach ar tí scairt a chur ort, a Thomáis, nuair a ghlaoigh tú.
Lean sé air lena bhaothchaint is a thuairimíocht amaideach in ard a chinn
is a ghutha go dtí go raibh mé ar tí pléascadh.
- A leithéid
(such a thing, the likes)
Chuir an scannán sin alltacht orm - bhí mé ar creathadh - ní fhaca mé
riamh a leithéid.
Bíonn sráideanna Bhaile Átha Cliath i gcónaí brataithe le bruscar den
uile chineál - ní fheicfeá a leithéid san Ísiltír.
- A mhalairt
(the opposite, other, different)
San aoir "Eoghan Cóir" tugtar an-mholadh go deo don bháille fial - a mhalairt
ghlan atá i gceist, ar ndóigh.
Tá malairt saoil ann anois.
Rinne mé iarracht é a chur ar mhalairt intinne ach theip orm.
Níl fios a mhalairte acu.
- Ábhairín...
(slightly ..., a small bit ...)
Bhuail sé an sliotar go láidir ach chuaigh sé ábhairín ar chlé agus ar
foraoil.
Tá an leabhar seo ábhairín ró-chostasach domsa.
Pas beag daor. Rud beag níos daoire ná na leabhair eile. Buille beag thar
m'acmhainn.
- Ag cur as dom
(bothering, upsetting me)
Cad tá ag cur as duit? Tá an méid seo ag cur as dom - gheall tusa go dtiocfá
go dti an club oiche Shathairn agus níor tháinig tú.
Níor chuir sé sin as domsa beag ná mór.
- Ag dul in aois
(getting old)
Táimid go léir ag dul in aois, ar ndóigh, ach tá an méid sin le léamh
ar chuid againn níos mó ná mar atá sé ar chuid eile.
Ag dul in aois, ag dul in olcas, más fíor don seanfhocal.
- Ag dul thar bráid
(passing by)
Suíonn sí ag an bhfuinneog sin ó mhaidin go hoíche ag féachaint ar an
saol mór ag dul thar bráid.
Is breá liom seasamh ar Shráid Uí Chonaill Lá 'le Pádraig - bainim an-taitneamh
as an mórshiúl ag dul thar bráid.
- Ag fáil bháis
(dying)
Tá daoine ann agus is breá leo an phoiblíocht - daoine eile, bíonn siad
ag fáil bháis de náire má labhraíonn strainséir leo.
Bhí Seán Ó Riordáin ag súil le stoirm mhór a bheith ann nuair a bheadh
sé ag fáil bháis.
- Ag tabhairt an fhéir
(dead, pushing up daisies)
Tá sé marbh le fada, go ndéana Dia trócaire air. Tá sé básaithe. Tá sé
faoin gcré. Níl sé ar marthain. Tá sé ar Shlí na Fírinne. Tá sé ar an
saol eile. Tá sé ar an tsíoraíocht. Tá sé ag tabhairt an fhéir le tamall.
- Ag tnúth le
(looking forward to, longing for)
Is minic an fear abhus ag tnúth leis an saol thall.
Tá mé ag tnúth leis an lá nuair a bheidh deireadh le scrúduithe.
Mar a bheadh paiste ag tnúth leis an Nollaig bhí Brian ag súil lena scaoileadh
saor.
- Ainneoin an tsaoil
(In spite of everything)
Bhí mé siúráilte cinnte go raibh teipthe orm sa scrúdú nuair a thuig mé
na botúin mhóra a rinne mé ar an bpáipéar. Ach d'éirigh liom pas a fháil,
ainneoin an tsaoil.
- Amach anseo
(in future, eventually)
Níltear cinnte go baileach fós cén uair go díreach a dhéanfar an scéal
seo a leigheas. Cuirfear ar an méar fhada arís é, is dócha, agus déanfar
rud éigin faoi amach anseo.
- Baineadh geit asam
(I was startled)
Ní raibh tásc ná tuairisc air leis na cianta agus nuair a shiúil sé
isteach gan choinne baineadh geit mhór asam.
- Baint le
(to have to do with)
Ná bíodh aon bhaint agat leis an dream sin - ní daoine iontaofa iad.
Níl baint ná páirt agam leo. Níl aon bhaint aige sin leis an gceist
seo.
- Bain triail as
(try out)
Ná bíodh aon fhaitíos ort roimhe - ní íosfaidh sé thú - bain triail
as, b'fhéidir go dtaitneodh sé leat.
Má tá tú chun carr nua a cheannach ba cheart duit triail a bhaint
as ar dtús.
- Bata agus bóthar
(to send packing)
Nuair a fuair an bainisteoir amach cén dream a rinne an ghadaíocht
thug sé bata agus bóthar dóibh láithreach. Chuir sé an ruaig orthu.
- Ba chóir dúinn
(We should)
Ba chóir dúinn iarracht níos fearr a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur
chun cinn i measc an phobail.
Níor chóir dúinn ár maidí a ligean le sruth ag an bpointe seo.
- Ba cheart dúinn
(We should)
Ba cheart dúinn ár n-aire a dhíriú ar an gceist seo láithreach.
Níor cheart duit an méid sin a rá.
- Bealach amháin nó bealach eile
(one way or another)
Ní féidir dul ar aghaidh mar seo - caithfidh an dá thaobh teacht ar
réiteach luath nó mall, bealach amháin nó bealach eile.
Ar ais nó ar éigean.
- B'éigean dó
(he was forced to)
Nuair a tháinig an ghairm chúirte ní raibh an dara rogha aige - b'éigean
dó an fhianaise a thabhairt nó dul faoi fhíneáil throm. Bhí air géilleadh.
- Bhi an t-ádh liom
(I was lucky)
Bhí an t-ádh liom nár bhuail an leoraí mé. Murach an t-ádh a bheith
liom an lá sin bheinn marbh anois.
Bhí an t-ádh dearg ar an gcúl báire - cheap mé go gcuirfeadh an réiteoir
den pháirc é. Bhí an t-ádh ina chaipín cinnte.
Go n-éirí ádh leat.
- Bhí breall orm.
(I was mistaken)
Cheap mé go n-éireodh liom sa scrúdú gan aon obair a dhéanamh ach
bhí breall orm - bhí dul amú mór orm.
Chreid Nora gach focal dá ndúirt mac Sheáin Mhaitiú léi ach bhí breall
uirthi.
- Bhí deifir air
(he was in a hurry)
Níor fhan sé le caint ná le comhrá ar maidin - bhí deifir mhór air.
Déan deifir leis an obair sin.
Cá bhfuil do dheifir?
An rud a dhéantar faoi dheifir, déanfar faoi dhó é.
- Bhí fuadar faoi
(he was in a rush, in a hurry, all go)
Cá raibh Peadar ag dul ar maidin? - Bhí fuadar mór faoi. Is beag nár
leag sé fuar marbh ar thaobh na sráide mé leis an bhfuadar a bhí faoi.
Cén fuadar atá fút anois? Tá tú ag rith anonn is anall, ag fuirseadh
thall is abhus, ag brostú isteach is amach mar a bheadh cearc ghoir
ann.
- Bhí orm
(I had to)
Nuair a d'imigh mo dhroim as alt bhí orm fanacht ar fhleasc mo dhroma
go ceann seachtaine.
B'éigean dom piollaí móra dearga a shlogadh.
Níor mhór dom bheith foighneach.
Níorbh fholáir dom fios a chur ar an dochtúir.
Ba ghá dom dul ar saoire bhreoiteachta.
- Bodhaire Uí Laoghaire.
(a pretence of deafness when it suits)
Cloiseann mo dhuine go maith thú, ach ní oireann sé dó é sin a admháil
- bodhaire Uí Laoghaire atá air. Tá sé ag ligean air nach gcloiseann
sé thú ar chúis éigin.
- Bordáil ar
(close on, almost)
Tuigtear dom go bhfuil bordáil ar thrí chéad míle duine as obair in
Éirinn anois.
Nach mór. Beagnach. Geall le. Mórán. I ndáil le. I ngar do.
- Bréan den saol
(bored, tired of life)
Ní fhaighim blas ar rud ar bith. Níl aon ní inspéise le déanamh. Tá
mé bréan den saol. Tá gach aon rud leamh leadránach, dar liom.
- Buille faoi thuairim
(a guess)
Níl mé cinnte ar fad ach tabharfaidh mé buille faoi thuairim. Rachaidh
mé sa seans. Bainfidh mé triail as é a fhreagairt.
- B'éigean dó
(he had to)
Ní raibh an dara rogha aige. B'éigean dó an rud a dhéanamh. Bhí air
é a dhéanamh. Níorbh fholáir dó é a dhéanamh.
- Cailleadh é
(he died)
Bhí m'athair sé bliana is ceithre scór nuair a cailleadh é.
Bhí deartháir aige a fuair bás i bhfad ó shin - cailleadh go hóg é.
- Caithfear
(it must, one must)
Ní féidir dul ar aghaidh mar seo go deo - caithfear an cheist seo
a réiteach luath nó mall.
Is contúirteach an áit é don turasóir - caithfear a bheith san airdeall
i gcónaí.
- Cá bhfuil do thriall?
(where are you going?)
Cá bhfuil do thriall, a Mháirtín? Tá mé ag triall ar uisce, ar na
siopaí, ar an gcathair, ar scoil.
- Cead a chinn
(to have his own way)
Tá sé dona go leor agus é faoi smacht - n'fheadar céard a dhéanfadh
sé dá dtabharfaí cead a chinn dó?
Ní ghéilleann daoine óga d'udarás ar bith - bíonn siad ag lorg cead
a gcinn i gcónaí.
- Cén ealaín atá ort?
(what caper are you up to?)
Tusa arís! Tá tú gléasta mar easpag an uair seo - cén ealaín atá ort
anois? Cén chleasaíocht atá ar bun agat?
Stad den ealaín sin. Éirigh as an iompar seo gan chiall.
An bhfaca tú riamh é ina sheasamh i lár an bhóthair ag cogarnaíl lena
charr? Chonac cinnte - dhera, tá sé ar an ealaín sin le fada.
- Cé go
(although, even though)
Cé go raibh an spéir go geal agus an ghrian ag taitneamh, fós thug
sí a cóta báistí léi - ar eagla na heagla.
Bhí dearmad glan déanta agam ar an scéal sin cé gur chuala mé cheana
é.
Chuir sé isteach ar an scrúdú cé nach raibh puinn staidéir déanta
aige.
Thug mé an-éisteacht di cé nár thuig mé a leath dá ndúirt sí.
- Cé is moite de
(apart from)
Tá an scéal ar fad réitithe againn, mar sin, cé is moite de cheist
an airgid.
Níor éirigh le foireann ar bith as na hoileáin seo cáiliú do Chorn
an Domhain i 1994 cé is moite den Phoblacht.
Seachas. Taobh amuigh de. Ach amháin.
- Cheana féin
(already, this early)
Tá spéis mhór ag daoine sa dráma seo - cheana féin tá siad ag teacht
isteach sa halla cé nach n-ardófar an brat go ceann uair an chloig
eile.
Beidh siad scriosta go maith faoin am a mbeidh an cluiche seo thart
- tá tuirse ar chuid acu cheana féin.
- Chóir a bheith déanta
(just about ready)
Buail fút ansin nóiméad, ní chuirfidh mé aon mhoill mhór ort - tá
sé chóir a bheith déanta. Tá sé nach mór ullamh agam duit. Tá sé geall
le bheith déanta. Tá sé i ndáil le bheith críochnaithe. Tá sé beagnach
réidh.
- Chomh ........ le .......
(as .... as ......)
Tá sé fanach agat a bheith ag iarraidh Tomás a bhogadh - nuair a dhéanann
sé cinneadh bíonn sé chomh daingean le carraig.
Ní fheicfeá le méar a chur i do shúil - bhí an oíche chomh dubh le
pic.
Dúirt fear na hoifige go raibh chuile shórt dá fheabhas ag fás ann
ach nuair a bhaineamar amach an áit bhí sé chomh lom le croí do bhoise.
Tá nós na bothántaíochta chomh marbh le hArt - an teilifís a mharaigh
é.
Abair an méid sin arís - tá mé chomh bodhar le slis.
Mo mháthair? Dhera, níl seoid uirthi, buíochas le Dia - tá sí chomh
folláin le breac.
Bí ag caint ar ghéarchúis - tá an leaid sin chomh glic le sionnach!
- Chuaigh sé rite orm
(I barely managed it, it was a close thing)
D'éirigh liom an obair a chríochnú in am ach chuaigh sé rite orm.
Ba bheag nach raibh mé déanach leis.
Chuaigh sé rite orm an méid seo féin a scríobh. Chuaigh sé dian orm.
- Chuaigh sé sna feiriglinnte
(he went wild with rage)
Bhí sé sásta go maith nuair a rug na gardaí ar an mbeirt a rinne an
scrios ar a theach is ar a charr ach nuair a chuala sé gur scaoil
an breitheamh saor iad cheal spáis sna priosúin, chuaigh sé sna feiriglinnte.
Chuaigh sé le báiní. Bhí sé ar deargbhuile. Bhí sé le ceangal. Chuaigh sé le craobhacha.
- Chuir sé fios ar
(he sent for)
Nuair a chonaic an tábhairneoir an scliúchas ag tosú chuir sé fios
ar na gardaí.
Nuair a chonaic mo mham na spotaí dearga ar mo chraiceann chuir sí
fios ar an dochtúir láithreach.
Tháinig droch-thaom ar Mhamó i rith na hoíche agus chuireamar fios
ar an sagart chun an Ola Dhéanach a chur uirthi.
- Chuir sé iachall orm
(he made me, compelled me)
Ní mise a chuimhnigh ar an ngairm bheatha seo ach m'athair - chuir
sé iachall orm dul le dochtúireacht. Chuir sé iallach orm an leigheas
a fhoghlaim. Thug sé orm é a dhéanamh. Chuir sé faoi deara dom é a
dhéanamh.
- Chun deiridh
(lagging behind)
Bhí tráth ann nuair a bhíodh foireann na hÉireann i gcónaí chun deiridh
- Jack Charlton a chuir stop leis sin. An ligfidh Mick McCarthy chun
deiridh arís muid? Mura mbíonn tú chun tosaigh sa saol seo, is chun
deiridh a bheas tú.
- Chun tosaigh
(to the fore, leading)
Níor mhaith le Seán Kelly riamh fanacht i lár an peleton. B'fhearr
leis i gcónaí bheith chun tosaigh.
Cad é an scór? Bhuel, is beag atá eatarthu ach tá Loch Garman cúilín
chun tosaigh ag an bpointe seo.
- Coinne
(appointment, expectation)
Tá coinne agam leis an bhfiaclóir ag a trí - caithfidh mé bheith ag
imeacht.
Ní raibh aon choinne aici leis an gcineál sin cainte uaim agus baineadh
stangadh aisti.
Bhuail sé isteach gan choinne agus ní raibh caoi ar bith ar an teach
roimhe.
- Cothrom an lae seo
(on this day (in a previous year)
Inniu an 3ú Bealtaine 2000. Fuair Pádraig Mac Piarais bás ceithre
bliana is ceithre scór ó shin, cothrom an lae seo.
Nach cothrom an lae seo anuraidh a thit an sneachta mór?
- Cúrsaí...
("affairs", "things")
Conas atá cúrsaí? Tá cúrsaí go dona anseo.
Sin a bhfuil de chúrsaí spóirt anocht.
Ní thuigimse cúrsaí airgid.
Cuir ceist ar Aogán - tá an-chur amach aige ar chúrsaí reatha.
- Curtha ar ceal
(cancelled)
Is oth liom a rá go bhfuil an Lá Spóirt curtha ar ceal, 'cheal spéise.
An cluiche sacair a bhí le bheith ann ar an Satharn, tá sé curtha
ar ceal, de bharr na drochaimsire.
- Cur amú airgid
(a waste of money)
Níl aon mhaitheas sa phlean seo agus ba chóir don rialtas é a chaitheamh
amach láithreach - cur amú airgid is ea é.
- Cur amú ama
(a waste of time)
"Níl san Idirlíon ach cur amú ama" - é sin a phlé.
Cur amú ama is ea é bheith ag iarraidh tuairimí daoine áirithe a athrú.
Diomailt aimsire. Meilt ama.
- Dáiríre
(serious, in earnest, really)
"Sibhse an dream is mó obair dá raibh riamh agam," a dúirt sé leo,
idir shúgradh is dáiríre. Níl tú dáiríre, an bhfuil? Dáiríre píre!
Ní dóigh liom gurbh é sin a bhí i gceist aige dáiríre.
- Dála an scéil
(by the way, incidentally)
Is ea, tá an ceart agat, is í an dífhostaíocht an fhadhb is measa
in Éirinn faoi láthair. Dála an scéil, an bhfuil fhios ag éinne cé
mhéad duine atá dífhostaithe anois?
- Dar liom
(in my opinion, it seems to me)
Tá an scéal cíortha acu siar go heireaball agus aniar arís, dar leo,
ach níl mise sásta. Tá cúpla ceist fós gan réiteach, dar liom.
- Dá bharr sin
(as a [good] result of that)
Tá biseach tagtha ar mo mháthair agus tá áthas orm dá bharr sin. Chruinnigh
sé an t-ábhar tine nuair a bhí an t-airgead aige. Dá bharr sin bhí
sé te teolaí i rith an gheimhridh fhada fhuair.
- Dá bhrí sin
(therefore)
Bhí droch-chuma ar an spéir agus suaitheadh mór sa bhfarraige. Dá
bhrí sin bheartaigh Séamas gan dul amach an oíche sin ach fanacht
ar an talamh tirim. Bhí sé ag obair i Sasana le fiche bliain agus
ba é seo an chéad chuairt abhaile aige ó d'imigh sé. Dá bhrí sin bhí
fáilte mhór roimhe.
- Dá fheabhas
(however good; of the best)
Dá fheabhas thú, níl iomlán na céille agat. Dá fheabhas é Liam, is
fearr de cheoltóir é Paidí. Chaith siad linn go fial - chuir siad
gach cóir dá fheabhas orainn.
- Dá laghad
(however small, at all, the less..)
Dá laghad é mo theachsa is maith liom agam é. Níl tuairim dá laghad
agam ina thaobh sin. Dá laghad ciall a bhíonn ag duine is ea is mó
a bhíonn tuairimí suite aige.
- Dá luaithe é
(the sooner...)
Tá lucht leighis ar a míle dícheall ag iarraidh an cheist sin a réiteach
le fada agus tá freagra fónta le fógairt go luath. Dá luaithe é, is
ea is fearr.
- Déanfaidh sé cuis
(it'll do)
Níl an réiteach seo foirfe amach is amach, níl sé go hiomlán sásúil,
ach déanfaidh sé cúis. Tá go leor snaidhmeanna curtha agat ann - déanfaidh
sé cúis anois, tá mé ag ceapadh. Ní dhéanfadh sé cúis dá dtosódh duine
éigin ag maslú an uachtaráin.
- Déan do rogha rud
(do whatever you want)
Sin é mo chomhairle - glac nó fág - ach ní chuirfidh mé brú ar bith
ort - déan do rogha rud. Tig leat do rogha rud a dhéanamh.
- Den chéad scoth
(first-rate, top class)
Is peileadóir den chéad scoth é Ryan Giggs. Filíocht den chéad scoth
atá againn sa chnuasach seo. Rothaí den chéad scoth ab ea Seán Ó Ceallaigh
ina lá.
- De dhíth ...
(lacking, wanting)
"Níl ach rud amháin de dhíth ort," arsa Íosa leis an ógánach saibhir.
Tá unsa beag céille de dhíth ar an bhfear sin, measaim. Níl tada de
dhíth orm anseo, tá an saol ar mo thoil agam. In éagmais. In easnamh.
- De ghnáth
(usually, as a rule)
Is ait liom nach bhfuil níos mó daoine i láthair anocht - bíonn an
áit plódaithe, de ghnáth. De ghnáth, is é an ceol a thagann chugam
ar dtús agus cuimhním ar na focail ina dhiaidh sin. Is de shiúl mo
chos a thagaim isteach, de ghnáth.
- De réir a chéile
(gradually)
Bhí siad dall ar an gcúram nuair a thosaigh siad ach tháinig siad
isteach air de réir a chéile. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.
Lean den chleachtadh - tá feabhas ag teacht ort, diaidh ar ndiaidh.
- De réir dealraimh
(apparently)
Tá muintir na Gaillimhe an-shásta leis an Aire, de réir dealraimh
- chuir siad fáilte mhór roimhe sa bhFaiche Mhór aréir. Bí ag caint
ar sclaigeanna bóthair! Níl spéis ag an gComhairle Chontae sna gnáthbhóithre
a thuilleadh, de réir dealraimh.
- De réir na saineolaithe
(according to the experts)
Tá aeráid an domhain ag dul i dteocht, de réir na saineolaithe agus
is gearr go dtosóidh an Mol Thuaidh ag leá. Oighearaois eile atá chugainn,
de réir saineolaithe eile.
- De shíor
(always, for ever)
Ná bac le Máire Bhán - bíonn sise ag gearán de shíor. Is é an chaint
cheannann chéanna a bhíonn aige de shíor. I gcónaí. Riamh is choíche.
- De shiúl mo chos
(by walking)
Ní bhacaim riamh leis an mbus - tagaim ar scoil de shiúl mo chos i
gcónaí, cuma cén sórt aimsire a bhíonn ann. Loic an t-inneall orm
i lár na hoíche agus b'éigean dom an chuid eile den bhóthar a thaisteal
de shiúl mo chos.
- De thimpiste
(by accident)
Ní dhearna sí d'aonghno é - ba de thimpiste a leag sí an ghloine.
Cuireadh dúnmharú ina leith ach d'éirigh leis a chruthú don chúirt
gur de thimpiste a mharaigh sé an cailín.
- Diabhal pingin
(not a penny)
Diabhal pingin a gheobhaidh tú go mbeidh mise sásta. Ní bhfaighidh
tú airgead ar bith. Diabhal focal a thuig mé, pé teanga a bhí in úsáid
aige. Níor thuig mé oiread is focal dá ndúirt sé.
- Diaidh ar ndiaidh
(gradually, by degrees)
Diaidh ar ndiaidh, tá an foirgneamh ag éirí. I ndiaidh a chéile a
thógtar na caisleáin. Ní féidir dul ón aineolas go dtí an saineolas
d'aon léim amháin - ach má fhoghlaimíonn tú beagán gach aon lá, beidh
an beagán ag dul go dtí an mórán diaidh ar ndiaidh, agus ar deireadh
beidh tú chomh cliste leis na Saoithe.
- Dóbair
(Nearly)
Dóbair dom titim i laige nuair a chuala mé an scéal. Dóbair duit bás
a fháil, a Úna, nuair a chuaigh an carr den bhóthar.
- Dochreidte
(unbelievable)
An scéal seo faoin gcaimiléireacht rialtais - tá sé dochreidte amach
is amach! Ceapaim go bhfuil sé dochreidte an oiread daoine a bhíonn
ag tiomáint agus iad ólta.
- Dodhéanta
(impossible to do)
Ba mhaith liom cabhrú leat, a chara, ach an rud áirithe seo, bhuel,
tá sé dodhéanta agus sin sin.
- Don chuid is mó
(for the most part)
Don chuid is mó, is iad na daoine bochta a bhí thíos leis, aimsir
an Ghorta.
- Droim ar ais
(back to front)
Níl an scéal i gceart agat - tá sé droim ar ais agat - a mhalairt
a tharla. Caithfidh go raibh an-deifir ort ar maidin - tá an geansaí
droim ar ais ort.
- Duine ná deoraí
(nobody at all, not a sinner)
Bhíodh an áit sin plódaithe sna seanlaethanta ach nuair a bhuail mé
isteach ann inniu ní raibh duine ná deoraí le feiceáil.
- Domhnach is dálach
(day in day out)
Ní ghlacann Brian sos riamh - bíonn sé ag obair Domhnach is dálach.
- Fág fúmsa é (leave it to me)
Fan siar agus fág an obair seo fúmsa - tuigim an cúram seo go maith.
Ní dhéanfaidh mé dearmad air, tig leat é a fhágáil fúmsa.
- Faic na fríde (the slightest thing, nothing)
Cad tá cearr le Tomás? Níl faic na fríde air - ach amháin leisce roimh obair!
An bhfuil aon airgead agat? Níl faic na ngrást agam i mo phócaí - an bríste contráilte a chuir mé orm ar maidin!
- Fainic thú féin! (watch yourself)
Fainic thú féin ar na gluaisteáin - bíonn luas mire fúthu ar an mbóthar mór.
Chuir sí cúpla fainic eile orm sular scaoil sí liom.
- Fan mar a bhfuil tú (stay where you are)
Ná bog as an áit sin - tiocfaidh mé chugat - fan mar a bhfuil tú.
- Fan mar atá tú (stay as you are)
Ná hathraigh puinn - tá mé an-shásta leat faoi mar atá tú - fan mar atá tú.
- Faoin gcéad (per cent %)
Cad é an ceatadán daoine a bhfuil píosa talún ina seilbh acu? Deirtear go bhfuil ochtó a ceathair faoin gcéad den talamh i seilbh seacht faoin gcéad den phobal.
Tá mé nócha faoin gcéad cinnte gurb é sin an rud a dúirt sé.
- Faoi bhráid (before, in front of)
Caithfear an cheist seo a chur faoi bhráid an choiste.
Mura bhfaighe mé sásamh cuirfidh mé an cás faoi bhráid an tsairsint
- Faoi chaibidil (being debated)
Ná téigh isteach ansin go fóill - tá cúrsaí tromchúiseacha faoi chaibidil acu. Tá ceisteanna móra á bplé acu. Tá cur agus cúiteamh ar siúl.
- Faoi cheilt (concealed, hidden, secretly)
Ná coinnigh do sholas faoi cheilt.
Ba bhreá leis cabhrú leis na bochtáin faoi cheilt - thugadh sé airgead dóibh os íseal.
An té a dhéanann an mhaith faoi cheilt ar an saol seo, beidh a ainm in airde ar an saol eile.
- Faoi chomaoin (under an obligation, obliged)
Thug tú an-chabhair dom ansin, a Bhreandáin, agus tá mé go mór faoi chomaoin agat. Cúiteoidh mé leat é.
Leag sé comaoin mhór orainn nuair a thóg sé an cúram uile air féin sa chás sin.
- Faoi dhéin (towards; for)
Cé hé seo atá ag teacht faoi mo dhéin?
Nuair a thuig sé cé chomh dona is a bhí an cás chuaigh sé faoi dhéin an tsagairt.
Níor íoc sé as an gceadúnas - tháinig na gardaí faoina dhéin. Tháinig siad chun é a thabhairt leo.
- Faoi lán seoil (well under way, under full sail)
Is fearr le mo dhuine bheith déanach ná luath - ní thagann sé isteach riamh go dtí go mbíonn cúrsaí faoi lán seoil.
Bhí scléip na hoíche faoi lán seoil nuair a chualamar cnag mór ard ar an doras.
- Feasta (henceforth, from now on)
Ní chuirfidh mé puinn stró orm féin feasta - fágfaidh mé an obair go léir fúibh féin.
Fógraím réimeas nua feasta - an té a éisteann le mo ghlór, slánófar é; agus an té a thugann an chluas bhodhar dom, díbreofar é.
Tá sibh dulta thar fóir leis an raic is an ruaille buaille istigh anseo - tá sibh ag cur isteach ar dhaoine eile - bíodh tost iomlán anseo feasta!
- Fios a leasa (to know what's good for him)
Éireoidh Seáinín as na toitíní gan mhoill, má tá fios a leasa aige.
Ní bhíonn fios a leasa ag an aos óg - ní thagann ciall roimh aois.
- Fuascailt na faidhbe (solution to the problem)
N'fheadar céard a tharlaíonn do na polaiteoirí nuair a théann siad isteach i nDáil Éireann - roimh an toghchán bíonn fuascailt na faidhbe agus réiteach na ceiste ag gach mac máthar acu - ina dhiaidh bíonn siad chomh haineolach útamálach maolchúiseach leis an dream a bhí istigh rompu!
Má tá fuascailt na faidhbe ag duine ar bith, anois an t-am lena rá.
- Gann (scarce)
Nuair is gann é an bia is fial é a roinnt.
Ceannaigh flúirseach agus díol gann.
- Gan aithne gan urlabhra (unconscious)
Baineadh an oiread sin de gheit as gur thit sé ina phlimp gan aithne gan urlabhra. Thit sé i bhfanntais.
- Gan aon agó (absolutely, unquestionably)
Is tusa an máistir sa teach seo, gan aon agó.
Tá na leabhair go léir léite agam agus buann an ceann seo orthu uile, gan aon agó.
- Gan a thuilleadh moille (without further delay)
Ró-fhada muid ag feitheamh le gníomh fónta ón rialtas seo - ba cheart an Bunreacht a leasú gan a thuilleadh moille.
- Gan deil gan dealramh (in a mess, higgledy piggledy)
Ní mó ná sásta a bhí an máistir leis an aiste a thug mé dó - "Féach - tá sé seo gan deil gan dealramh", ar seisean liom. "Déan arís é!"
Dá bhfeicfeá an chaoi ar fhág siad an teach - bhí sé gan deil gan dealramh - bhí gach rud bunoscionn.
- Gan dua (without difficulty)
Tá an-éirim aigne ag an gcailín sin - d'éirigh léi lán-mharc a bhaint amach sa scrúdú gan dua.
Ní gan dua a bhaintear na duaiseanna.
- Gan stró (without any difficulty, no bother)
D'éirigh léi an obair a chríochnú laistigh den teorainn ama gan stró. Ní raibh deacracht ná dua ar bith aici leis.
Cuid den ealaín é an stró a cheilt.
- Geall le bheith (almost, just about)
Tá an obair seo geall le bheith críochnaithe agam, buíochas le Dia. Ní fada anois go mbeidh mé réidh leis.
Tá sé chóir a bheith déanta. Tá sé i ndáil le bheith críochnaithe. Tá sé beagnach ullamh agam. Tá sé críochnaithe anois, nach mór.
- Glac go réidh é (take it easy)
Cén deifir atá ort, a dhuine? Glac go réidh é, in ainm Dé. Lig do scíth ar feadh tamaill. Tóg bog é. Ná bí do do mharú féin.
- Go baileach (exactly, quite)
Ní cuimhin liom go baileach cén uair a thosaigh an trioblóid.
An é sin an cineál rud atá i gceist agat? Ní hea, go baileach.
Go cruinn. Go díreach.
- Go bhfios dom (as far as I know)
Beidh an mórshiúl ag tosú ar a haon déag a chlog, go bhfios dom.
Sin é an scéal de réir mar a thuigimse é. Is mar sin atá cúrsaí chomh fada agus is eol dom.
Go bhfios domsa, ní raibh focal crosta eatarthu riamh.
- Go bhfóire Dia orm (God help me)
Mhuise, go bhfóire Dia orm - nach cráite an scéal é - an scrúdú ag bagairt agus gan tada déanta!
Go bhfóire Dia ortsa, a bhuachaill, mura mbíonn an seomra sin glanta agat roimh a sé a chlog!
Más é sin an cineál scéil a dhíolann páipéir sa tír seo, go bhfóire Dia ar Éirinn!
- Go bunúsach (basically)
Go bunúsach, is é atá uainn ná geallúint ón mbainistíocht nach ndúnfar an mhonarcha.
Sin é, go bunúsach, a bhfuil le rá agam.
- Go diail ar fad (absolutely marvellous)
Conas atá tú ar maidin, a Thomáis? - Go diail ar fad, a dhochtúir, slán a bheas tú.
Conas a d'éirigh le Seáinín sa scrúdú? - Chruthaigh sé go diail ar fad! Ar fheabhas. An-mhaith go léir.
- Go forleathan (widespread, extensively)
Beidh ceathanna go forleathan ar fud na tíre san iarnóin.
Tá aithne go forleathan ar an Dochtúir Nollaig de Brún i ngeall ar a thréimhse mar Aire Sláinte.
- Go grinneall (to the bottom)
Chuaigh an Titanic go grinneall san Atlantach Thuaidh ar an 15ú Aibreán 1912. Chuaigh sí go tóin poill agus bádh míle cúig céad duine.
- Go háirithe (in particular, especially)
Chuir Micheál fáilte roimh gach éinne, go háirithe roimh an Uachtarán.
€500? Tá sé sin an-daor, go háirithe má bhíonn orm cáin bhreisluacha a íoc air.
- Go huile agus go hiomlán (completely and utterly)
An ceart ar fad agat ansin - tagaim leat go huile agus go hiomlan!
Nuair a thuig si tabhacht na scruduithe chuir si a croi isteach san obair go huile agus go hiomlan.
- Go maith as (well off)
Bhí muintir Aogáin go maith as tráth ach chaill siad a dtailte le himeacht aimsire agus bhí sé beo bocht ar deireadh.
- Íde béil (verbal abuse, giving out)
Dá gcloisfeá an íde béil a fuair mé ó mo Mhamaí oíche Dé Sathairn! Cén dochar ach ní raibh mé chomh déanach sin. A luaithe is a shiúil mé isteach sa chistin thosaigh sí ag cur di in ard a cinn is a gutha.
- Íde na muc is na madraí (treated very badly)
Ní rachaidh mé ar ais go dtí an áit sin riamh arís - thug siad íde na muc is na madraí dom - chaith siad liom go dona ar fad.
- Idir an dá linn (meanwhile, in the meantime)
Rachaidh mise isteach sa chathair maidin amárach ar bhus a hocht. Beidh mé sa bhaile arís thart ar a trí. Céard a dhéanfaidh tusa idir an dá linn?
- Idir dhá cheann na meá (in the balance)
Níl an scéal socair fós. D'fhéadfadh sé dul bealach ar bith. Idir dhá cheann na meá atá sé.
Ní fios fós an é biseach nó bás atá i ndán dó - tá sé idir dhá cheann na meá.
- Idir dhá chomhairle (undecided, between two minds)
Tá mé i gcás idir dhá chomhairle - tá mo cheann ag rá liom éirí as ach tá mo chroí ag tathant orm dul ar aghaidh.
- Idir shúgradh is dairire (half joking, half serious)
"Is tusa mo rogha de mhná deasa an domhain," ar seisean léi, idir shúgradh is dáiríre.
Is minic a tháinig an magadh go leaba an dáiríre.
- Ina cheap magaidh (a laughing stock)
An fear bocht, tá sé ina cheap magaidh ag an saol ó d'imigh a bhean leis an saighdiúir. Tá sé ina staicín áiféise.
- Ina dhiaidh sin is uile (nevertheless, despite that)
Bíonn sé i gcónaí ag gearán faoi cheannaire Fhianna Fáil agus faoi na Teachtaí Dála atá acu - ní fiú tada iad, dar leis. Ina dhiaidh sin is uile is don pháirtí céanna a thugann sé an vóta chuile uair. Ar a shon sin is uile.
- In aghaidh an lae (by the day)
Cé mhéad a chosnaíonn sé in aghaidh an lae?
Cheapamar go dtiocfadh biseach uirthi ach tá sí ag dul i ndonas in aghaidh an lae.
- In aghaidh a tola (against her will)
Níor theastaigh uaithi riamh imeacht óna ceantar dúchais, ach, ar nós na mílte eile, b'éigean di dul an loch amach in aghaidh a tola.
Bean láidir ceanndána ab ea Sorcha - ní dhearna sise tada riamh in aghaidh a tola.
Bhí ar Mháire an Búrcach a phósadh dá hainneoin féin.
- In aice láimhe (near at hand)
Nach aoibhinn duitse i do chónaí ansin, agus gach áis dá mbeadh uait in aice láimhe.
Is mithid daoibh bhur gcuid peacaí a chur uaibh, mar tá ríocht Dé in aice láimhe.
In aice láithreach.
- In ainm is a bheith (supposed to be)
Cé tá i mbun an chúraim sin? Bhuel, tá Caoimhín in ainm is a bheith ag obair air.
Bhí sé in ainm is a bheith ina cheannaire ar an bpáirtí, ach níor thug na baill eile aon aird air.
- In am an ghátair (in the hour of need)
Tháinig tú i gcabhair orainn in am an ghátair agus táimid faoi chomaoin mhór agat.
Aithnítear na cairde in am an ghátair.
- In ann (able to)
Níl mé in ann an rud seo a dhéanamh.
Níl sé ar mo chumas é a dhéanamh.
Níl mé abalta é a dhéanamh.
Ní féidir liom é a dhéanamh.
Ní thig liom é a dhéanamh.
Téann diom é a dhéanamh.
- In aon chor (at all)
Ceapann daoine go bhfuil an-scil ag teastáil chun an obair seo a dhéanamh ach níl sé deacair in aon chor. Ar chor ar bith.
- In ard a chinn is a ghutha (at the top of his voice)
D'aithneofá Seosamh áit ar bith - bíonn sé i gcónaí ag labhairt in ard a chinn is a ghutha.
Scread sí is bhéic sí in ard a cinn is a gutha ach níor tháinig aon duine i gcabhair uirthi...
- In easnamh (wanting, lacking)
Níl ach an t-aon rud amháin in easnamh ort anois le post a fháil sa sorcas - srón mhór dhearg!
A luaithe is a shiúil mé isteach sa seomra bhraith mé go raibh rud éigin in easnamh...
Ag teastáil. Ar iarraidh.
- In ionad (instead of)
Bhí lá seachráin ag Tadhg inné - in ionad dul ar scoil is chuig an trá a chuaigh sé.
Bhí an lá fliuch agus thug sé a charr leis in ionad a rothair.
- In ord is in eagar (in order)
Is breá le daoine áirithe gach aon ní a bheith in ord is in eagar - daoine eile, is fearr leo cúrsaí a bheith bunoscionn agus trína chéile.
Fear pointeáilte pioctha is ea Gearóid - bíonn gach rud in ord is in eagar aige i gcónaí - gan bun cleite amach ná barr cleite isteach.
- Is ait liom (I find it strange)
Is ait liom nach bhfuil níos mó daoine i láthair inniu. Bíonn sé plódaithe de ghnáth. Ceapaim go bhfuil sé aisteach.
- Is cosúil (it seems)
Tá an dá thaobh i mbun cainteanna faoi láthair agus is cosúil nach fada go mbeidh réiteach againn ar an scéal.
- Láithreach baill (immediately)
Ní dhearna siad aon mhoill - tháinig siad láithreach baill. Ar an toirt. Ar an bpointe boise. Láithreach bonn.
- Lá na coise tinne (the rainy day)
Is ciallmhar an plean é rud a chur i dtaisce le haghaidh lá na coise tinne. Ní mhaireann rith maith don each i gcónaí.
- Leis na cianta cairbreacha(for ages)
Ní fhaca mé Tomás leis na cianta cairbreacha. Le fada an lá. Le tamall mór d'aimsir.
- Le blianta beaga anuas (in recent years)
Tá athruithe móra tagtha ar an gceantar seo le blianta beaga anuas. Le tamall de bhlianta anuas.
- Le ceangal (hopping mad, fit to be tied)
Nuair a chonaic Bríd an chruth ainnis a bhí tagtha ar a sorn breá nua bhí sí le ceangal. Bhí fearg an domhain uirthi. Bhí sí le báiní.
- Le cúnamh Dé (with the help of God)
Imeoidh an droch-aimsir uainn fós agus feicfimid an ghrian arís, le cúnamh Dé. Déanfaidh sé lá maith fós le cúnamh Dé.
- Le déanaí (recently, lately)
Tá sé fós in Éirinn - chonaic mé le déanaí é (= tamall ó shin)
Tá athrú mór tagtha ar an bhfear sin le déanaí (= le tamall anuas)
- Luath nó mall (sooner or later)
Tá sé fánach ag duine bheith ag troid in aghaidh na cinniúna - luath nó mall caithfidh sé géilleadh.
- Lucht (people, types)
Tá lucht an airgid ann agus lucht an óil, lucht na síochána agus lucht an fhoréigin, lucht oibre agus lucht léinn, lucht siúil agus lucht siopaí.
Tá lucht leighis ar a míle dícheall ag iarraidh an galar AIDS a chloí.
Lucht leanúna, lucht féachana, lucht éisteachta, lucht foghlama.
Lucht inste breag, lucht diolta drugai, lucht sáraithe an dlí, lucht leite leabhar, lucht muchta tine.
Mo lucht aitheantais, lucht mo cháinte, lucht mo mholta.
- Mairg (a pity, woe to the one who ..)
Mairg nár fhan tú tamall eile ag cabaireacht!( - le searbhas)
Mairg nach n-éisteann le comhairle a leasa.
Mairg a thabharfadh cluas dá leithéid!
- Malairt poirt (a different tune, a changed outlook)
Ní raibh meas madra acu air go dtí go bhfaca siad a chuid airgid. Bhí malairt poirt acu ansin.
Is cuimhin liom gur gheall an tAire seo siúd agus eile, aimsir an toghcháin. Tá malairt poirt anois aige.
- Mar a bheadh Dia á rá leis (at a fierce rate)
Seo chugainn lucht na gcurach. Féach - tá Jimí chun tosaigh ar na cinn eile agus é ag rámhaíocht mar a bheadh Dia á rá leis.
Tá aimsir na scrúduithe buailte linn arís agus na scoláirí go léir ag alpadh na leabhar mar a bheadh Dia á rá leo.
- Mar a chéile iad (they are alike, they're all the one)
Gréigis nó Laidin - mar a chéile agamsa iad - ní thuigim ceachtar acu!
Is deacair rogha a bhaint as na páirtithe polaitiúla - mar a chéile iad go léir.
- Mar a dúirt mé cheana (as I have said already)
Bhuel, is mór idir inné agus inniu, mar a dúirt mé cheana.
Tá sé sin ráite agam cheana féin, nach bhfuil?
- Mar dhea (in pretence, "as if!", "I don't think!")
Theastaigh uaim an dallamullóg a chur ar na buachaillí eile; mar sin d'fhág mé slán ag Nóra, mar dhea, agus siar liom ar thóir mo rothair.
Dá gcloisfeá an raic is an clampar a bhíonn acu ó mhaidin go hoíche! Ach ar ndóigh, má théann tú go dtí an doras is ag pógadh a chéile a bhíonn siad i gcónaí, mar dhea.
An té a chreidfeadh é.
- Mar fhocal scoir (finally, as a final word)
Mar fhocal scoir, is dóigh liom go bhfuil sé in am againn cuimhneamh ar ár gcás féin anseo sa bhaile.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le lucht an óstáin a chuir gach cóir dá fheabhas orainn anseo inniu.
- Mar gheall ar (because of; about)
Bhí sé ag caint mar gheall ar chás na mbochtán sa phríomhchathair.
Is mar gheall air sin atáimid bailithe le chéile anseo anocht.
- Mar sin féin (nevertheless)
Tá go leor lochtanna air ach tá sé le moladh mar sin féin.
Ar a shon sin. Ainneoin sin. Fós féin.
- Más gá (if necessary)
Íocfaidh mise as an rud ar fad, más gá.
Caithfidh an Críostaí bheith sásta bás a fháil ar son an chreidimh, más gá.
- Mo dhuine (yer man)
Éist le mo dhuine - ar chuala tú riamh a leithéid?
Tá roinnt bheag céille in easnamh ar mo dhuine, is baolach.
Bí i do thost - tá mo dhuine tosaithe arís.
Féach mo dhuine - cén ealaín atá anois air?
- Mo ghraidhn iad (God love them!)
Tuigeann an dream ciallmhar go gcaithfidh siad ullmhú don scrúdú - ceapann na leisceoirí go dtiocfaidh an Spiorad Naomh anuas orthu lá an ghátair, mo ghraidhn iad!
- Mura miste leat (if you don't mind)
Glacfaidh me sos beag anois, mura miste leat.
Tig leat teacht amach liom amarach, mura miste leat siul.
- Ná bíodh aon dul amú orainn (let us be clear about this, let's not kid ourselves)
Is é seo an seans deireanach. Ná bíodh aon dul amú orainn ina thaobh - táimid ar bhruach na haille. Má theipeann ar an iarracht seo ní bhfaighimid an deis arís. Caithfimid an méid sin a thuiscint go soiléir.
- Ná lig tada ort (say nothing, be cool, act as if nothing happened)
Má thagann siad ag fiosrú an scéil, ná lig tada ort. Lig ort nach dtuigeann tú céard tá i gceist acu.
Ná tabhair aon toradh orthu - má thiteann an spéir féin anuas i do thimpeall, ná lig tada ort.
- Neart ama (plenty of time, loads of time)
Cén deifir atá ort - féach, tá neart ama againn fós. Ní gá dúinn bheith ann go dtí a hocht a chlog agus níl sé ach fiche chun fós - tá neart ama againn. An té a rinne an t-am ní raibh sé sprionlaithe faoi - rinne sé neart ama.
Raidhse ama. Flúirse ama.
- Níl aon dealramh leis (that's ridiculous)
An plean nua atá á mholadh ag an rialtas chun an fharraige a thaoscadh - níl aon dealramh leis!
Níl aon chiall leis. Tá sé amaideach, amach is amach. Níl bun ná barr leis.
- Níl aon dul as agam (I have no way out, no alternative)
Caithfidh mé an rud sin a dhéanamh roimh an Aoine - níl aon dul as agam. Níl an dara rogha agam. Ní féidir liom é a sheachaint. Níl aon éalú uaidh.
Tá dhá rud nach bhfuil dul astu ag duine - an bás agus cúrsaí cánach.
- Níl duine ar bith inchurtha leis (He is without peer)
Is é Liam an duine is fearr sa rang ag an nGaeilge - níl duine ar bith inchurtha leis. Níl éinne eile leath chomh maith leis. Níl a shárú le fáil.
- Níl bun ná barr leis (it's daft, meaningless)
Nach dána an mhaise duit a leithéid de lag-iarracht a chur os mo chomhair - níl bun ná barr leis! Déan arís é - i gceart!
Níl deil ná dealramh air. Níl aon chiall leis.
- Níl meas madra agam air (I have no respect for it or him)
Scaothaire cruthanta is ea mo dhuine - níl meas madra agam air.
Níl meas madra agam ar aon imreoir a dhéanfadh calaois mar sin.
- Níor chuir sé isteach ná amach air (it didn't bother him in the slightest)
Bhí mise ag ceapadh go gcuirfeadh gleo an raidió as dó ach níor chuir sé isteach ná amach air. Lean sé ar aghaidh lena chuid oibre gan mhairg. Ba chuma leis. Níor thóg sé aon cheann dó.
- Níor éirigh leis (did not succeed)
Rinne Diarmaid a dhícheall doras an ghluaisteáin a oscailt lena scian phóca ach níor éirigh leis.
Bhí mo dhuine ag iarraidh an dallamullóg a chur ar an ngarda ach má bhí, níor éirigh leis, mar thug an garda síos chun na beairice é. Theip air. Chuaigh de.
- Níor theip an tuathal riamh ort (you never lost it - you were always clumsy)
Maith thú, a Pheaits - cupán eile briste agat - mhuise, níor theip an tuathal riamh ort!
Tá mo dhuine sa pháipéar arís, feicim, i ngeall ar amaidí éigin eile - dhera, níor theip an tuathal riamh air!
- Níos fearr as (better off)
Ceapann cuid mhaith de phobal an Tuaiscirt go bhfuil siad níos fearr as faoi rialtas na Breataine ná mar a bheidís sa Phoblacht.
Bheifeá-sa níos fearr as, a scraiste, dá dtabharfá aire do do chúram féin!
- Ní fheadar (I wonder, I don't know)
Ní fheadar an mbeidh aon mhaitheas sa dráma anocht?
Ná bímis ró-dhian ar Jimí bocht - ní fheadair sé a mhalairt.
- Ní gearánta dom (I con't complain)
Cén chaoi a bhfuil tú ar maidin? - Dhera, ní gearánta dom!
- Ní raibh an dara rogha agam (I had no alternative)
B'éigean dom bata agus bóthar a thabhairt dó nuair
a rug mé air ag goid an airgid - ní raibh an dara rogha
agam.
- Ní tráth faillí é. (This is no time for neglect)
Caithfear rud éigin a dhéanamh láithreach, ní féidir suí siar ag an bpointe seo.
- Obair in aisce (labour in vain)
Criathar a thabhairt chun tobair nó gad a chur ar ghaineamh - obair in aisce iad araon - obair amú, saothar gan dealramh, iarracht bhaoth, dícheall gan toradh.
Obair in aisce bheith ag iarraidh fuil a fháil as turnapa.
- Ós rud é (seeing as, since)
Ós rud é nach bhfuil an córas teasa ag obair i gceart agus an aimsir a bheith fuar feannaideach, táimid chun an scoil a dhúnadh don chuid eile den lá.
An bhféadfá cúpla míle punt a thabhairt dom ar iasacht, ós rud é go bhfuil moill ar an deontas?
- Ó bhun go barr (thoroughly)
Chuardaigh na gardaí an teach ó bhun go barr ach theip orthu teacht ar aon ghunna.
Phléigh siad an cheist ó bhun go barr agus shocraigh siad gan dul ar aghaidh leis an gcás cúirte.
- Ó cheann ceann.. (from one end of ... to the other)
Is é an scéal ceannann céanna atá i mbéal an phobail ó cheann ceann na tíre.
Meon an mhaorlathais - sin earra a théann gan athrú ó cheann ceann na hEorpa.
Ní thagann maolú ar ghrá na máthar dá leanbh ó cheann ceann na bliana.
- Ó chian is o chongar (from far and near)
Nuair a bhíonn Nollaig ag seinm tagann siad ó chian is ó chóngar chun éisteacht leis.
An timpeall chun an teampaill is an cóngar chun na reilige.
- Ó dhúchas (by nature, inherited)
Tá an ceol aige ó dhúchas - ní ar na clocha glasa a fuair sé an bua sin - ceoltóirí den scoth ab ea a mhuintir uile.
Ní stró ar bith é do Thomás a bheith uasal - tá an uaisleacht aige ó dhúchas - mar sin a chruthaigh Dia é.
- Ó shin (ago)
Tháinig mo mhuintir go dtí an baile seo thart ar fiche bliain ó shin.
Bhí daoine ina gcónaí sa chaisleán sin fada ó shin.
D'imigh Eibhlín go Sasana tamall maith ó shin.
- Ó smacht (out of control, out of hand)
D'imigh an carr ó smacht ar an mbóthar sleamhain agus d'iompaigh sé bunoscionn.
Tá sé in am agat cúpla fainic a chur ar na páistí sin - tá siad ag dul ó smacht.
An rud a théann ó smacht téann sé ó rath.
- Ó thús deireadh (from start to finish)
Léigh sé an litir ó thús deireadh gan focal a rá.
Loit tú an dráma ar an lucht féachana, a phleidhce - níor stad tú den sciotaíl ná den scigmhagadh ó thús deireadh!
- Rinne sé a chion féin (he did his bit, his share)
Níorbh aon leisceoir é Maidhc - rinne sé a chion féin den obair. Rinne sé cion fir.
Ní ceart an t-ualach a leagan ar an mbeagán i gcónaí - caithfidh gach duine a chion féin a dhéanamh ar son na cúise.
- Rinne tú éacht (you have done wonders)
Níl aon dabht faoi - tá sé seo dochreidte - rinne tú éacht anseo!
Tá éacht oibre déanta agat - ní aithnim an áit a thuilleadh.
Tá sármholadh tuillte ag údar an leabhair seo - éacht scríbhneoireachta atá curtha ar fáil aige, gan aon agó!
- Rírá agus ruaille buaille (uproar, ructions)
Beidh rírá agus ruaille buaille ann ar maidin nuair a gheobhaidh siad amach go bhfuil an t-airgead imithe.
Bhí rírá agus ruaille buaille ann nuair nár cheadaigh an réiteoir an cúl.
Beidh sé ina raic. Beidh sé ina chíréib. Beidh míle murdar ann.
Fuirseadh, tranglam agus tarraingt tríd. Cibeal, ciarláil agus dul trí cheile. Gleo agus glisiam.
- Rith sé lena anam (he fled for his life)
Ag an nóiméad deiridh theip ar a mhisneach, d'iompaigh sé ar a sháil agus rith sé lena anam. Theith sé. Thug sé do na boinn é. D'imigh sé mar a bheadh Dia á rá leis.
- Rogha an dá dhíogha (choice between two evils, Hobson's choice)
Caithfidh mé vótáil do pháirtí X no do pháirtí Y ? Sin rogha an dá dhíogha! Ní rogha ar bith é sin. Tá siad lán chomh dona lena chéile. Níl ceann ar bith acu pioc níos fearr ná an ceann eile.
- Rogha na coitiantachta (the favourite)
Seo chugainn na capaill don rás mór ag leath uair tar éis a trí - agus chun tosaigh tá MÍLE MURDAR, rogha na coitiantachta. Sin é an capall is dóichí a bhuafaidh an rás.
- Roimh ré (beforehand)
Má theastaíonn uait an scannán sin a thuiscint caithfidh tú an leabhar a bheith léite agat roimh ré.
Agus ansin cuir san oigheann é agus fan uair an chloig - seo anois ceann a bhí déanta agam roimh ré.
- San airdeall (on the alert)
Ní mór duinn bheith san airdeall i gcónaí - ní tráth faillí é seo.
Is furasta bob a bhualadh ar an té nach mbíonn san airdeall.
Ná ligigí an lá le lucht díolta na ndrugaí - bígí san airdeall orthu.
- Saol an mhada bháin (the life of Reilly)
Is dóigh le daoine go mbíonn saol an mhada bháin ag lucht buaite an chrannchuir ach is minic nach mar a shíltear a bhítear.
- Saor in aisce (free, gratis)
Fuair mo dhuine an carr sin saor in aisce - an comhlacht a dhíol as - níor ghá dó a lámh a chur ina phóca - níor thug sé féin oiread is pingin air.
Is minic nach mbíonn an meas céanna ar an rud a fhaightear in aisce agus a bhíonn ar an rud ar gá díol as.
- Sa lá atá inniu ann (nowadays)
Ní bheifeá ag súil lena leithéid sa lá atá inniu ann.
Lá den saol is ag an duine daonna a bhí an chumhacht is an ceannas - sa lá atá inniu ann is é an ríomhaire an rí. Ar na saolta seo. Inniu.
- Scannal saolta (a disgrace, an absolute scandal)
Tá sé ina scannal saolta, a bhfuil de chaimiléireacht is de bhréagadóireacht mhínáireach ag baint le polaitíocht na hÉireann i láthair na huaire.
An líon daoine atá as obair sa tír seo faoi láthair, is scannal saolta é. Is mór an náire é.
- Scun scan (outright)
Chuaigh mé chuig an mbainisteoir agus d'iarr mé cead air dul go dtí an cluiche ach dhiúltaigh sé mé scun scan.
Nuair a chuala an breitheamh faoin gclampar a tharraing na dioscónna sa halla chuir sé deireadh leo scun scan.
- Seachain tú féin (watch out!)
Seachain tú féin ar na crumha - tá siad thart timpeall ort i ngach uile áit.
Seachain tú féin ar an bhfear siopa - níl sé sin iontaofa.
Fainic thú féin!
- Sin a bhfuil (That's the lot)
Níl a thuilleadh fágtha le déanamh - sin a bhfuil!
Sin a bhfuil ar eolas agamsa ina thaobh, pé scéal é.
- Slí na Fírinne (dead)
Tá m'athair ar Shlí na Fírinne anois, beannacht Dé leis. Tá sé marbh. Tá sé básaithe. Tá sé caillte. Tá sé faoin gcré. Tá sé ag tabhairt an fhéir.
- Spéis a chur (to take an interest)
Tá sé in am agatsa spéis a chur i do chuid staidéir - tá aimsir na scrúduithe ag druidim linn ar cosa in airde.
Cuireann daoine áirithe spéis sa cheol. Daoine eile, is sa pheil is mó a chuireann siad suim.
- Sprioclá (the appointed day)
Tháinig an t-easpag ar an sprioclá, chuaigh na páistí faoina láimh, agus d'imigh sé arís.
An Chéadaoin seo chugainn an sprioclá, agus bíodh an t-airgead istigh ag gach duine roimh ré.
- Tar éis an tsaoil (after all)
Táim an-bhuíoch díot as an gcúnamh - tá an charthanacht beo, tar éis an tsaoil.
Tá a gcuid oibre liobarnach tuathalach mí-shlachtmhar ach níor cheart dúinn bheith ró-dhian orthu - is daoine óga iad, tar éis an tsaoil.
- Tá an t-am istigh (time's up)
Caithfimid éirí as anois mar tá an t-am istigh. Sin a bhfuil. Níl aon am fágtha.
- Tá an-tóir air (he or it is in great demand)
Ní chreidfeá an chumhacht a bhíonn ag an teilifís - ó fograíodh leabhar Jeaic oíche Dé hAoine tá an-tóir air. Tá ráchairt air. Ní féidir freastal ar an éileamh.
Tá an-tóir ar an gceol traidisiúnta arís na laethanta seo.
- Tá a chosa nite (he's done for)
Bhíodh sé go maith ag tarraingt vótaí ina lá ach tá a chosa nite anois - is beag duine a sheasfaidh leis ina dhiaidh seo. Tá deireadh leis. Tá a ré caite. Tá a sheal tugtha. Tá a phort seinnte.
- Tá a chóta bán déanta. (he's away on a hack - he has had great good fortune)
Ar chuala tú an scéal? D'fhág a uncail an fheirm agus an t-airgead go léir le huacht ag Séamas - tá a chóta bán déanta!
Nuair a chuala sé go raibh an Crannchur buaite aige cheap sé go raibh a chóta bán déanta. Is ina dhiaidh sin a fuair sé amach go raibh míle duine eile istigh leis na huimhreacha céanna!
- Tá a chúlfhiacla go maith aige (he's no chicken)
B'fhéidir go nglacfaí leis an iompar míchiallmhar sin ó dhuine níos óige - ach níl an leithscéal sin ag Jeaic - tá a chúlfhiacla go maith aige. Ba cheart go mbeadh níos mó céille aige.
Ní haon leanbh ó aréir é. Ní fear óg é a thuilleadh.
- Tá a dhintiúir aige (he's fully qualified)
Ní haon ceardaí ciotach é Máirtín - tá sé ina mháistir ar a cheird - tá a dhintiúir aige.
Tá fios a ghnó ag Pádraig - cén fáth nach mbeadh? - Ní inniu ná inné a tharraing sé a dhintiúir.
- Tá a phort seinnte (he's done for, he's finished)
Éamonn bocht, rinne sé éacht ina lá - is beag duine a bhí in ann coinneáil suas leis - ach tá a phort seinnte anois. Ní dhéanfaidh sé aon rath níos mó.
Tá a ré caite. Tá deireadh leis. Tá a chosa nite. Tá a sheal tugtha.
- Tá a sheal tugtha (he is finished, his day is done)
Cathal Mór, rinne sé gaisce ina lá ach tá a sheal tugtha anois.
Tá a ré caite. Tá deireadh leis. Tá a phort seinnte. Tá a chosa nite.
- Tá fios a ghnó aige. (he knows what he's at)
Ní haon daoi é Pádraig - tá fios a ghnó aige. Tá sé cumasach éifeachtach i mbun a chuid oibre. Tuigeann sé a cheird go maith.
- Tá muinín agam asat (I trust you, I have confidence in you)
Seo duit eochracha an tí - ná loic orm anois - tá muinín agam asat. Is duine iontaofa tú.
Bhí muinín ag Nóra Mharcais Bhig as mac Sheáin Mhaitiú ach mealladh í.
Tá mé cinnte go gcruthóidh tú go maith - tá iontaoibh agam asat.
- Tá sé sa bhfuil acu. (It's in their nature, it's an inherited trait)
Ní ar na clocha glasa a fuair Mary agus Frances bua an cheoil - tá sé sa bhfuil acu. Tá an bua sin acu ó dhúchas. Tá an tréith sin ag baint lena muintir i bhfad siar.