Push for PORTER

R
izquierdaÚrchnoc Chéin Mhic Cáintederecha

Peadar Ó Doirnín

YouTube

A phlúr na maighdean is úire gné,
Fuair a clú le scéimh ón Ádhamhchlainn,
A chúl na bpéarlaí, a rún na héigse,
A dhúblaíos féile is fáilte;
A ghnúis mar ghréin i dtús gach lae,
A mhúchfadh léan le gáire,
Sé mo chumhaidh gan mé is tú, a shiúr, linn féin
Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte.

Táim brúite i bpéin gan suan, gan néal
De do chumha, a ghéag is áille,
Is gur tú mo rogha i gCúigibh Éireann,
Cúis nach séanaim ás de;
Dá siúlfá, a réalt gan smúid, liom féin
Ba súgach saor mo shláinte,
Gheobhair plúr is méad is cnuasach craobh
Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte.

A shuaircbhean tséimh na gcuachfholt péarlach,
Gluais liom féin ar ball beag,
Nuair a bheas uaisle is cléir is tuataí ina néal,
Ina suan faoi éadaí bána;
Ó thuaidh go mbéam i bhfad uatha araon,
Teacht nuachruth gréine amárach,
Gan ghuais linn féin in uaigneas aerach
San dún sin Chéin Mhic Cáinte.



Song
sheetmusic