Push for PORTER

R
izquierdaGile Mearderecha
You Tube

Seán Clárach Mac Domhnaill

Leagan Gearr

Seal dá rabhas im' mhaighdean shéimh,
'S anois im' bhaintreach chaite thréith,
Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan
De bharr na gcnoc is i n-imigcéin.

'Sé mo laoch, mo Ghile Mear,
'Sé mo Chaesar, Gile Mear,
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear.

Bímse buan ar buairt gach ló,
Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeór
Mar scaoileadh uaim an buachaill beó
'S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón.

Ní labhrann cuach go suairc ar nóin
Is níl guth gadhair i gcoillte cnó,
Ná maidin shamhraidh i ngleanntaibh ceoigh
ó d'imthigh uaim an buachaill beo.

Marcach uasal uaibhreach óg,
Gas gan gruaim is suairce snódh,
Glac is luaimneach, luath i ngleo
Ag teascadh an tslua 's ag tuargain treon.

Seinntear stáir ar chláirsigh cheoil
's líontair táinte cárt ar bord
Le hinntinn ard gan chaim, gan cheó
Chun saoghal is sláinte d' fhagháil dom leómhan.

Ghile mear 'sa seal faoi chumha,
's Eire go léir faoi chlócaibh dubha;
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear.


Song

Leagan Fada

1.

Bímse buan ar buairt gach ló,
Ag caoi go crua 's ag tuar na ndeor,
Mar scaoileadh uainn an buachaill beo,
'S ná ríomhthar tuairisc uaidh, mo bhrón!
Curfá:-

'Sé mo laoch mo ghile mear,
'Sé mo Shaesar, gile mear!
Ní bhfuaireas féin aon tsuan ar séan,
Ó chuaigh i gcéin mo ghile mear!

2.

Ní haoibhinn cuach ba suairc ar neoin,
Táid fíor-choin uaisle ar uathadh spóirt,
Táid saoithe is suadha i mbuairt 's i mbrón,
Ó scaoileadh uainn an buachaill beo.
Curfá:- 'S mo laoch ... srl.

3.

Níor éirigh Phoebus féin ar cóir,
Ar chaoin-chneas ré tá daol-bhrat bróin;
Tá saobhadh ar spéir is spéirling mhór,
Chun sléibhte i gcéin mar d'éalaigh an leon.
Curfá:-

4.

Níl séis go suairc ar chrua-chruit cheoil,
Tá an éigse i ngruaim gan uaim 'na mbeol;
Táid béithe buan ar buairt gach ló,
Ó théarnaigh uainn an buachaill beo.
Curfá:-

5.

Marcach uasal, uaibhreach, óg,
Gas gan ghruaim is suairce snó
Glac is luaimneach, luath i ngleo,
Ag teascadh an tslóigh 's an tuargain treon.
Curfá:-

6.

Is glas a shúil mhear, mhúirneach, mhodhúil,
Mar lagán drúchta ar chiumhas an róis;
Tá Mars is Cúipid dlúth i gcóir
I bpearsain úir 's i ngnúis mo stóir.
Curfá:-

7.

Is cas a chúl 's is cúrsach, cóir,
Is dlathach, dlúith 's is búclach bórr,
Is feacach, fionn ar lonnradh an óir,
Ó bhathas úr go com mo stóir.
Curfá:-

8.

Is cosúil é le hAonghus Óg,
Le Lughaidh Mac Chéin na mbéimeann mór,
Le Cúraoi ard mac Dáire an óir,
Taoiseach éirimeach, tréan ar tóir.
Curfá:-

9.

Le Conall Ceárnach bheárnadh póirt,
Le Fearghas fiúntach fionn mac Róigh,
Le Conchubhar cáidh mac Náis na nós,
Taoiseach aoibhinn Chraoibhe an cheoil.
Curfá:-

10.

Ní mhaoidhfead féin cé hé mo stór,
Tá insint scéil 'na dhéidh go leor,
Ach guím chun Aoin-Mhic Dé na gcomhacht
Go dtige mo laoch gan baoghal beo.
Curfá:-

11.

Ach seinntear stáir ar chláirsigh cheoil,
Is líontar táinte cárt ar bórd,
Le hintinn ard gan cháim, gan cheo,
Chun saoil is sláinte 'fháil dom leon.
Curfá:-

'Sé mo laoch mo ghile mear,
'Sé mo Shaesar, gile mear;
Mo chruatán féin a luadh tré léan
Mar chuaigh i gcéin mo ghile mear !






Song